Luas forleata fuaime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Forleathann fuaim ag timpeall 340 m s-1 in aer ag gnáthbhrú an atmaisféir. Braitheann an luas forleata ar theocht an aeir, agus méadaíonn sé i gcomhréir leis an teocht ag gnáth-theochtaí an aeir. Ar feadh i bhfad, cheaptaí nárbh fhéidir le heitleáin eitilt níos tapa ná luas na fuaime, agus luaití luas eitleáin i machuimhreacha, cóimheas a luasa is luas na fuaime. Dá réir seo, is é Ma 1 luas forleata fuaime.