Lost

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lost

Seánra Dráma; Ficsean eolaíochta; Rúndiamhair
Fad na n-eipeasóidí Timpeall 43 nóiméad
Dearthóir(í) Damon Lindelof; J.J. Abrams; Jeffrey Lieber
Foireann
Teanga Béarla
Tír SAM
Gréasán ABC
Chéad rith Meán Fómhair 2004 –
Méid eipeasóidí

Is clár teilifíse í Lost óna Stáit Aontaithe a leannan saoil marthanóirí timpiste eitleáine ar oileán tropaiceach. Thosaigh Lost ar 22 Meán Fómhair, 2004 agus is í ceann de na sraitheanna teilifíse is cáiliúla ar domhain faoi láthar. Tá Lost á thaispeáint ar ABC i Méiriceá, ar SKY ONE sa Bhreatain agus ar RTÉ 2 in Éirinn. Tá sraith a 4 ar siúl faoi láthar. Is iad Damon Lindelof, J.J. Abrams agus Jeffrey Lieber na déarthóirí.

Clár ábhair

[athraigh] Scéal

[athraigh] Sraith 1

Tosnaíonn an clár díreach i ndiadh an timpiste agus leantar scéal na 14 príomh-carachtair; Jack Sheppard (Matthew Fox), Kate Austen (Evangeline Lilly), John Locke (Terry O'Quinn), Charlie Pace (Dominic Monaghan), James "Sawyer" Ford (Josh Holloway), Sayid Jarrah (Naveen Andrews), Claire Littleton (Emilie de Ravin), Jin Kwon (Daniel Dae Kim) agus a bhean chéile Sun (Yunjin Kim), Michael Dawson (Harold Perrineau) agus a mhac Walt Llyod (Malcom David Kelley), Boone Carlyle (Ian Somerhalder) agus a dheirfiúir Shannon Rutherford (Maggie Grace), agus Hugo "Hurley" Reyes (Jorge Garcia). Tuigimid níos mó faoi na gcarachtair nuair a bhíonn spléacadh siar acu. Faigheann Boone bás sa sraith seo.

[athraigh] Sraith 2

Tugtar roinnt carachtair nua isteach i rith an dara sraith, Mr. Eko (Adewale Akinnuoye-Agbaje), Ana Lucia Cortez (Michelle Rodriguez) agus Libby (Cynthia Watros) a bhí ar cúl an eitleán nuair a tharla an timpiste. Chomh maith leo siúd bhí Desmond Hume (Henry Ian Cusick) agus Ben Linus/Henry Gale (Michael Emerson) a bhí ar an oileán cheanna féin. Faigheann Shannon, Ana Lucia agus Libby bás sa sraith seo agus fágann Michael agus Walt an t-oileán ar bád.

[athraigh] Sraith 3

Feicimid carachtair nua arís ag tús an tríú sraith. Is iad Juliet Burke (Elizabeth Mitchell) a bhí ar an oileán cheanna féin, agus cúpla a bhí ar an eitleáin, Nikki Fernandez (Kiele Sanchez) agus Paulo (Rodrigo Santoro). Faighean Mr. Eko, Nikki, Paulo agus Charlie bás sa sraith seo.

[athraigh] Foireann Aisteoirí

[athraigh] Naisc Sheachtracha

Do chuid uirlisí