Loighic mhatamaiticiúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cur i bhfeidhm an chruinnis mhatamaiticiúil is teicníochtaí siombalacha i staidéar na loighce. Mar shampla, forbairt na dteangacha foirmiúla is na gcóras aicsímí chun cruthuithe loighciúla a thógáil. Tugtar loighic shiombalach uirthi freisin. Bunaíodh an t-ábhar ar shaothar Boole, agus ina dhiaidh sin saothar Frege, Whitehead is Russell, Gödel, is Tarski.