Loch Gile (Contae Chiarraí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Gile
Íomhá
CineálLimistéar uisce agus murlach Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie101297 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°15′38″N 10°02′44″W / 52.2606°N 10.0456°W / 52.2606; -10.0456

Loch fionnuisce in iardheisceart na hÉireann is ea Loch Gile. Tá sé suite ar Leithinis an Daingin i gContae Chiarraí.[1]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tomhaiseann Loch Gile thart ar 2 km ar fhad agus 1 km ar leithead. Tá sé thart ar 30 km siar ó Thrá Lí, in aice leis an sráidbhaile Caisleán Ghriaire

Hidreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar gur murlach nádúrtha é Loch Gile, agus é ag draenáil isteach i mBá Thrá Lí. Cothaíonn aN Chill Aighne agus sruthán eile gan ainm é. Tá an loch éadomhain, le doimhneachtaí níos lú ná 0.5 m. [2]

Stair an dúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na speiceas éisc i Loch Gile tá an garmachán (Gasterosteus aculeatus), an mac siobháin gainimh (Pomatoschistus minutus), an breac donn (Salmo trutta), an leadhbóg (Platichthys flesus) agus an eascann Eorpach (Anguilla anguilla) atá i mbaol go criticiúil. Tá an loch mar chuid de Bhá Thrá Lí agus Leithinis an Mhachaire, siar go dtí Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Speisialta an Chlocháin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]