Lia Pootah
Cineál | grúpa eitneach |
---|
Dream Tasmánach is ea na Lia Pootah agus iad barúlach gur de shliocht Bundúchasach mná ó fhinte difriúla iad agus de shliocht Eorpach fir (lonnaitheoirí saora, saighdiúirí agus daoránaigh) a bhí ag cur fúthu in Van Diemen's Land ón mbliain 1803 amach. Deir siad go bhfuil siad dealaithe amach ó na Palawa, dream de shliocht Bundúchasach a bhaineann le hoileáin Chaolas Bass.
Áiteanna dúchais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deir na Lia Pootah go bhfuil baint acu le dhá dhream mhóra - muintir na Waddamanna (i.e. na haibhneacha móra) agus muintir an Huon. Tugtar Teen Toomele Menennye (Abhainn Mhór) agus Tahune Linah (Huon) orthu faoi seach. Deir cuid de na Lia Pootah go mbaineann siad le muintir Oileán Bruny nó leis na Toogee ar chósta thiar na Tasmáine. Deir cuid eile go mbaineann siad leis an gcósta thoir nó leis na Sléibhte Láir.[1]
Deir na Lia Pootah nach ceart a rá (mar a rinne roinnt staraithe) gur tógadh na Bundúchasaigh go léir ó mhór-roinn na Tasmáine sa 19ú haois lena mbunú i gCaolas Bass. Is é a dtuairim gur fhan mórán daoine de shliocht Bundúchasach nó de shliocht measctha sa Tasmáin, go háirithe ar an iargúil, agus gan deis ag lonnaitheoirí Eorpacha cur fúthu in 80% den Tasmáin chomh déanach leis na 1870í.[2]
Gnóthaí cultúrtha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í craobh chultúrtha na Lia Pootah Manuta Tunapee Puggaluggalia (Tasmanian Aboriginal Historical Cultural Association and Publishing House). Tá sé d'aidhm aige eolas a spré agus fáil réidh leis na seantuairimí faoi Bhundúchasaigh sa Tasmáin féin agus sa phobal mór. Deir sé nach bhfuil a fhios ag an bpobal mór go bhfuil a lán mionphobal Bundúchasach sa Tasmáin a threabhann a n-iomaire féin agus a fhoilsíonn a n-ábhar féin. Dá bhrí sin soláthraíonn sé leabhair chultúrtha, acmhainní teagaisc, leabhair do pháistí agus ábhar eile.[3]
Aitheantas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áitíonn na Lia Pootah go bhfuil deimhniú an Bhundúchasachais Thasmánaigh faoi smacht na bPalawa, dream ar leith a mbaineann an Tasmanian Aboriginal Centre (TAC) leo agus a bhfuil trí ghinealach aitheanta acu - muintir Oileáin Chaolas Bass, Dolly Dalrymple agus Fanny Cochrane Smith. Measann na Lia Pootah go bhfuil aitheantas oifigiúil ceilte orthu dá bharr agus go mbactar orthu a bheith lánpháirteach i ngnóthaí Bundúchasacha.[4] Is é an ceannaire Palawa is mó a shéanann nach Bundúchasaigh iad na Lia Pootah Michael Mansell, dlíodóir agus gníomhaí a raibh lámh aige i mbunú an TAC[5]
Deirtear go sainmhínítear "Bundúchasach Tasmánach" mar dhuine a deir go bhfuil pór éigin Bundúchasach ann. Tá na cáipéisí tearc agus fabhtach, rud a fhágann go mbeadh an dearbhú ag brath ar thástáil ghéiniteach, ach chuirfeadh mórán ina choinne sin.[6]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-17. Dáta rochtana: 2012-08-29.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-17. Dáta rochtana: 2012-08-29.
- ↑ http://www.tasmanianaboriginal.com.au/publishing.htm
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-05-03. Dáta rochtana: 2012-08-29.
- ↑ 'Mansell insists the Lia Pootah are white fellas who "don't have a single drop of Aboriginal blood in their veins"': Matthew Denholm, 'A bone to pick with the Brits,' The Australian, 17 Feabhra 2007: http://www.theaustralian.com.au/news/features/a-bone-to-pick-with-the-brits/story-e6frg6z6-1111113008054
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-05. Dáta rochtana: 2012-08-29.