Palawa kani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá in palawa kani tionscadal a bhfuil de chuspóir aige teanga chineálach a chruthú atá cosúil le seanteangacha Bundúchasach na Tasmáine (Palawa), teangacha a chuaigh i léig.

An ceathrar Bundúchasach deireanach de shliocht neamh-mheasctha sna 1860í, nuair a bhí na seanteangacha beo go fóill. Trugernanner atá ar thaobh na láimhe deise.

Stair[athraigh | edit source]

Chuaigh na seanteangacha Tasmánacha i léig nuair a cailleadh an cainteoir dúchais deireanach sa bhliain 1905. Tá iarracht á tabhairt anois ar theanga nua a chruthú chun a oiread den dúchas teangeolaíoch a athbheochan agus is féidir. Bhí idir ocht gcinn agus sé cinn déag de theangacha á labhairt sa Tasmáin tráth, ach ní mór an t-eolas atá ar aon cheann ar leith acu, agus ní mór focail a bhaint as gach teanga de réir mar is cuí. Faightear focail ón mBéarla féin de réir mar is gá - "he" agus "in", mar shampla.

Tá amhras ar scoláirí áirithe nach féidir teanga chineálach Thasmánach a athchruthú agus a laghad sin eolais againn ar na bunteangacha. Admhaítear go mbeadh an-tábhacht leis na teangacha sin mar léiriú ar réamhstair theangeolaíoch imeall deisceartach na hAstráile, agus dá bhrí sin ar réamhstair theangeolaíoch an domhain,[1] ach áitítear nár bailíodh ach fíorbheagán fianaise ar theangacha Tasmánacha sula ndeachaidh siad i léig i ndeireadh an 19ú haois.[2] Tugtar le fios freisin, agus palawa kani á chumadh d'aonghnó ag dream áirithe, go mbaineann sin le haighneas polaitiúil agus cultúrtha idir an dá dhream Thasmánacha (na Palawa agus na Lia Pootah) a deir gur de shliocht Bundúchasach iad. [3]

Tionscadal[athraigh | edit source]

Thosaigh Theresa Sainty agus Jenny Longey, beirt oibrí teanga, ag obair ar an tionscadal sa bhliain 1999. Tá tairbhe á bhaint as a lán foinsí. Orthu sin tá dialann George Augustus Robinson (gníomhaire agus eadránaí), taifid de chuid shluaíocht Fhrancach d'Entrecasteaux sa bhliain 1793, focail a chuir Brian Plomley i dtoll a chéile, agus taifeadadh a rinneadh ar Fanny Cochrane Smith, duine de na cainteoirí dúchais deireanacha.

Bhí roinnt den teanga á húsáid i dtús an 20ú haois ag teaghlaigh ar na hoileáin bheaga i gCaolas Bass agus ag teaghlach sa Tasmáin féin. Rinneadh díobháil don teanga nuair a d'aistrigh a lán teaghlach anonn go dtí an Tasmáin i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda de bharr an pholasaí imeasctha a bhí ann ag an am. Ach tá cuimhne ag na seanóirí ar chuid di fós agus is cuid de chaint na ndaoine riamh cuid de na focail. Bhailigh Theresa Sainty agus Jenny Longey os cionn céad focal le chéile ar rudaí a bhain leis an bhfarraige agus leis na hoileáin - sliogáin, iasc, ainmhithe mara agus plandaí. Bhí cuid mhaith de na focail sin á n-úsáid fós sa bhliain 1910. Rinneadh leabhar agus téip agus tugadh cuntas ar stair gach focail - cárbh as don fhocal, cé bhí á úsáid agus cén obair theangeolaíoch a rinneadh air. Tá fáil ag an bpobal Bundúchasach ar an eolas seo sna trí oifig réigiúnacha atá ag Lárionad Bundúchasach na Tasmáine. [4]

Múintear an teanga i mBunscoil Cape Barren, ar oileán eile i gCaolas Bass agus i Lárionad Bundúchasach na bPáistí in aice le Hobart. Baintear tairbhe as ghnóthaí an ghnáthshaoil chun labhairt na teanga a mhúineadh. Tá leabhair, dlúthdhioscaí, cairteanna balla agus cártaí pictiúir ar fáil. Bíonn baint ag muintir na bpáistí leis an obair, agus táthar ag iarraidh cuid nádúrtha den saol a dhéanamh den teanga.[4]

Gramadach[athraigh | edit source]

Teanga leithlisithe is ea palawi kani agus tá struchtúr ainmní-briathar-cuspóir (ABC) aici. Tagann aidiachtaí roimh an ainmní. Níl comhartha ar leith ar an iolra: ciallaíonn nayri kati "uimhir mhaith" nó "uimhreacha maithe". Tagann an diúltach roimh an mbriathar: is ionann putiya makara agus "gan stopadh" nó "ní stopann". Ar éigean a úsáidtear príomhlitreacha sa litriú.

Tá bunstruchtúir na teanga cosúil lena leithéid i dteangacha Bundúchasacha eile.

Forainmneacha[athraigh | edit source]

Úsáidtear mapali ("mórán") mar iarmhír iolra ar roinnt forainmneacha agus sealbhach.

mina
nina tú/thú
sí, í/sé, é
waranta sinn/muid
sibh
nara-mapali siad/iad

Is féidir táthmhíreanna treocha a chur le sealbhaigh, mar a leanas: -tu (go dtí/i dtreo) - mana-mapali-tu (go dtí ár…) nó -ta (ar) - nika-ta (ar a n-…).

Forainmneacha sealbhacha[athraigh | edit source]

Léarscáil a thugann léargas éigin ar cheantair eitneacha sa Tasmáin roimh theacht na nEorpach.

Tagann sealbhaigh i ndiaidh an ainmní: ciallaíonn milaythina mana "ár dtír".

mana mo
nanya do
a bain. uatha, a fir. uatha
mana-mapali ár
bhur
nika a n-

Briathra[athraigh | edit source]

  • kipli : ith
  • krakapaka : faigh bás
  • laykara : rith
  • liyini : can
  • makara : stop
  • mulaka : seilg
  • ningina : faigh
  • takara : siúil
  • tapilti : téigh
  • tunapri : 1. tuig, a fhios a bheith agat 2. cuimhnigh ar
  • yangina : snámh

Focail eile[athraigh | edit source]

  • kanaplila : déan rince
  • kani : teanga
  • katin : uimhir
  • katina : trá
  • kitana : girseach
  • kunnikung : Carpobrotus
  • lakri : raithneach chrainn
  • laymi : riamh
  • luna : bean
  • lutana : gealach
  • luwana : cailín
  • luwutina : páistí
  • luyni : cloch, carraig
  • mapali : mórán
  • milaythina : tír
  • muka : farraige
  • mukra : madra
  • munawuka : cearc
  • mungalina : báisteach
  • nala : talamh
  • nayri : go maith, sona
  • nika : seo
  • nuyina : spiorad
  • oanyi : bogha báistí
  • pakana : muintir, daoine
  • palawa : Bundúchasach Tasmánach
  • payathanima : valbaí
  • pliri : buachaill
  • poatina : uaimh
  • purinina : diabhal Tasmánach
  • putiya : ní, gan
  • rayakana : amhrán
  • raytji : duine bán, Eorpach
  • redpa : corrmhíol
  • ringina : poll i dtalamh
  • rrala : láidir
  • temma : bothán
  • timita : pasam
  • tiya : cac
  • tiyuratina : gaoth
  • warina : saghas éisc shliogánaigh
  • waypa : fear
  • wura : lacha
  • wurangkili : spéir
  • yula : cánóg earrghearr

Logainmneacha[athraigh | edit source]

  • kunanyi : Mount Wellington]]
  • kutalayna : Jordan River
  • larapuna : Eddystone
  • lumaranatana : Cape Portland Country
  • lungtalanana : Clarke Island
  • lutriwita : An Tasmáin
  • narawntapu : Asbestos Range
  • preminghana : Mount Cameron West
  • putalina : Oyster Cove
  • tayaritja : Furneaux Islands
  • truwana : Cape Barren Island
  • wargata mina : Judds Cavern
  • wukalina : Mount William National Park

Uimhreacha[athraigh | edit source]

Thug Theresa Sainty agus Jenny Longey na huimhreacha 1 - 10 chun solais agus bhain feidhm as tréithe gramadúla na mbunteangacha chun córas uimhrithe a chumadh a théann chomh fada le milliún.[4]

  • pama : 1
  • paya : 2
  • luwa : 3
  • wulya : 4
  • mara : 5
  • nana : 6
  • tura : 7
  • pula : 8
  • tali : 9
  • kati : 10
  • pamakati : 11
  • payakati : 12
  • luwakati : 13

...

  • payaka : 20
  • luwaka : 30
  • wulyaka : 40

...

  • pamaki : 100
  • payaki : 200
  • luwaki : 300
  • wulyaki : 400
  • maraki : 500
  • nanaki : 600
  • turaki : 700
  • pulaki : 800
  • taliki : 900
  • pamaku : 1000
  • payaku : 2000
  • luwaku : 3000
  • wulyaku : 4000
  • maraku : 5000
  • nanaku : 6000
  • turaku : 7000
  • pulaku : 8000
  • taliku : 9000

Phrases[athraigh | edit source]

  • he yangina in muka : snámhann sé san fharraige (sé + snámh + in + farraige)
  • milaythina nika milaythina mana : is í an tír seo ár dtírne (tír + seo + tír + ár)
  • mina putiya tunapri raytji kani : ní thuigim Béarla (mé + ní + tuig + Eorpach + teanga)
  • mina kani palawa kani : labhraím palawa kani (mé + labhair + dúchasach + teanga)
  • mina takara on milaythina mana : seasaim ar mo thalamh (mé + seas + on + talamh/tír + mo)
  • mukra mana laymi putiya nayri : níl mo mhadra riamh gan a bheith go maith (madra + mo + riamh + ní + maith)
  • mukra mana nayri mapali : tá mo mhadra go han-mhaith (madra + mo + maith + mórán)
  • nina tunapri mina kani : an dtuigeann tú céard táim a rá? (tú + tuig + mé + labhair)
  • ningina paruwi mimara : faigh an sceartán sin (faigh + sceartán + sin)
  • tapilti ningina mumara prupari patrule : téigh faoi choinne adhmaid le haghaidh na tine (imigh + faigh + adhmad + do + tine)
  • taypani pinikita : tar faoi dheifir (tar + deifir)
  • waranta mulaka payathanima : táimid ag seilg valbaithe (muid + seilg + valbaí)
  • waranta putiya makara : ní stopfaimid (muid + ní + stop)
  • waranta tapilti nayri : táimid ag imeacht, ok? (muid + imeacht + maith)
  • ya : Dia dhuit!
  • ya pulingina : fáilte romhat/romhaibh!
  • ya tawatja : Dia dhuit (ar maidin etc.)!

Téacsanna[athraigh | edit source]

Seo adhmholadh de chuid an Tasmanian Aboriginal Centre Language Program a tugadh sa bhliain 2004 ag ceiliúradh sléacht Chamas Risdon sa bhliain 1804.

ya pulingina milaythina mana mapali tu Fáilte romhaibh anseo ar ár dtír.
mumirimina laykara milaythina mulaka tara Sheilgeadh na Mumirima cangurúnna ar fud a dtailte anseo
raytji mulaka mumirimina Sheilgeadh daoine bána na Mumirimina
mumirimina mapali krakapaka laykara Fuair a lán de na Mumirimina bás agus iad ag rith
krakapaka milaythina nika ta Fuair siad bás anseo ar a dtailte
waranta takara milaythina nara takara Siúlaimid mar a siúlaidís
waranta putiya nayri Tá brón orainn ina ndiaidh
nara laymi krakapaka waranta tu manta waranta tunapri nara. Ní marbh linn iad fad is cuimhin linn iad

Téacs eile ó na cláracha míniúcháin i bPáirc Kunanyi.

milaythina nika milaythina-mana Is í ár dtírne an tír seo
pakana laykara milaythina nika mulaka Ritheadh Bundúchasaigh ar an tír seo ag seilg
pakana-mapali krakapaka milaythina nika Fuair mórán acu bás asneo
tapilti larapuna, tapilti putalina ó Rinn Eddystone go dtí Camas na nOisrí
tapilti kunanyi tapilti tayaritja Ó Kunyani (Mount Wellington) go dtí oileáin Chaolas Bass
waranta takara milaythina nara takara Siúlaimid mar a siúlaidís
nara taymi krakapaka waranta-tu waranta tunapri nara Ní marbh linn iad fad is cuimhin linn iad
milaythina nika waranta pakana san áit seo
waranta palawa, milaythina nika Sinne na Palawa agus is linne an tír seo

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Nichols, Johanna. Linguistic Diversity in Space and Time, 1992, University of Chicago Press, pp. 262-263.
  2. Dixon, R.M.W.. ‘Australian Languages,’ International Encyclopaedia of Linguistics, ed. William Bright, Oxford University Press, 1992 (vol. 1, p. 137)
  3. http://www.andaman.org/BOOK/chapter52/6-Tasmania-language/language.htm
  4. 4.0 4.1 4.2 http://www.fatsilc.org.au/languages/language-of-the-month/lotm-1996-to-2000/ 1999 Dec - Lynne Spotswood

Féach freisin[athraigh | edit source]

Le léamh[athraigh | edit source]

  • "Pakana Luwana Liyini" 2005 (CD), Tasmanian Aboriginal Centre Inc
  • Plomley, N.J.B.. A word-list of the Tasmanian aboriginal languages. N.J.B. Plomley and the Government of Tasmania 1976
  • Sainty, T "Tasmanian places and Tasmanian Aboriginal language" 2005, Placenames Australia Newsletter of the Australian National Placenames Survey

External links[athraigh | edit source]