Liút

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas ceoil Eorpach a thagann ón úide Arabach, in úsáid ón Meánaois go dtí an 18ú céad, a athbheodh sa nua-aois chun seancheol a sheinm. Colainn mhór phiorra-chruthach, fuaimchlár athshonadóra plánach, muineál leathan, méarchlár le cipíní méire do na snáitheanna caoláin, agus pionna-chlár socraithe go hingearach leis an muineál. Faoin 16ú céad bhí 6 chúrsa snáitheanna stoptha air (is é sin, méaraithe ag an lámh chlé chun airdí éagsúla a dhéanamh). Cuireadh snáitheanna níos ísle oscailte (is é sin, ní raibh siad stoptha) leis níos déanaí. Baineann an seinnteoir na snáitheanna lena lámh dheas.