Leictrealarangagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach chun creathanna théada an ghutha a thaifeadadh go leictreonach. Greamaítear leictreoidí ar an muineál ar dhá thaobh an loingeáin thíoróidigh, agus léirítear gníomhaíocht théada an ghutha mar rianú ar an scáileán (nó ar páipéar). Is féidir ardú is ísliú na bunmhinicíochta sna creathanna (ag freagairt go maith do thuin an ghutha) a fheiceáil go héasca. Tháinig an teicníocht seo chun cinn sna 1970idí, agus úsáidtear í go forleathan in eolaíocht an ghutha chun a shláinte a mheasúnú is riochtaí mínormálta a anailísiú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictrealarangagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 404.