Lee Iacocca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fear gnó a saolaíodh in Allentown, Pennsylvania is ea Lee Iacocca (Lido Anthony, 1924-). D'oibrigh sé i gcomhlacht Ford, ina uachtarán air i 1970-1978. Uachtarán ar chorparáid Chrysler i 1978 agus í i gcruachás suntasach airgeadais, agus d'éirigh leis an comhlacht a shábháil. Scríobh sé dhá leabhar ar a chleachtadh: Iacocca (i gcomhar le William Kovak, 1985) agus Talking Straight (Ag Labhairt go Díreach, 1989).