Lee E. McMahon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLee E. McMahon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Deireadh Fómhair 1931
St. Louis, Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Feabhra 1989
57 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard
Ollscoil Saint Louis Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeolaí ríomhaireachta, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Spórt Cuir in eagar ar Wikidata

Ríomheolaí Meiriceánach ab ea Lee Edward McMahon (24 Deireadh Fómhair, 1931 [1] – 15 Feabhra, 1989 [2]).

Saol Pearsanta agus Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh McMahon i St. Louis, Missouri, áit ar fhreastail sé ar St. Louis University High School (rang 1949).[3] Sa bhliain 1955, bronnadh céim bhaitsiléara (summa cum laude) air in Ollscoil St. Louis, agus sa bhliain 1963, céim dochtúireachta sa tsíceolaíocht in Ollscoil Harvard.[4] Foilsíodh a thráchtas Ph.D., dar teideal “Grammatical analysis as a part of understanding a sentence” sa bhliain 1963 freisin.

Bhí sé pósta ar Helen G. McMahon agus bhí beirt pháistí acu, Michael agus Catherine.

Bell Labs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí McMahon ag obair in Bell Labs ó 1963 go nuige a bhás sa bhliain 1989. I dtosach, bhí sé ina thaighdeoir teangeolaíochta, ag díriú ar theanga darb ainm FASE (“Fundamentally Analyzable Simplified English”), le rún cumarsáid idir daoine agus ríomhairí a éascú.

Chuaigh McMahon leis an Ionad Taighde Ríomhaireachta in Bell Labs go hoifigiúil sa bhliain 1975.

Is fearr aithne ar McMahon mar gheall ar an obair a rinne sé ar leaganacha luatha den chóras oibriúcháin Unix, go háirithe an t-eagarthóir srutha sed. Chabhraigh McMahon le forbairt comm, qsort, grep, index, cref, cu, agus Datakit freisin.

Péireáil McMahon[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcomhar le Bob Ryder, d’oibrigh McMahon ar chóras péireála le haghaidh comórtas go, córas a úsáideadh go forleathan, mar shampla i gcraobhchomórtas SAM sa bhliain 1986.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]