Leabhar Dubh Chaerfyrddin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leathanach ó Leabhar Dubh Chaerfyrddin, a chreidtear a bheith ar an lámhscríbhinn is luaithe a mhaireann a scríobhadh sa Bhreatnais amháin. Filíocht Bhreatnais den chuid is mó atá sa lámhscríbhinn.

Ceann de na lámhscríbhinní Breatnaise is sine a mhaireann is ea Leabhar Dubh ChaerfyrddinLlyfr Du Caerfyrddin (lámhscríbhinn Pheniarth 1), a mheastar mar an bailiúchán is sine d’fhilíocht na Breataine Bige.[1] Lámhscríbhinn measartha beag atá ann, a scríobhadh ar phár uair éigin i lár an 13ú haois, b’fhéidir i bPrióireacht Ieuan (Gaeilge) Eoin an Soiscéalaí agus Naomh Teulyddog i mbaile Chaerfyrddin. Tá 39 dán agus téacs gearr próis amháin ann, ar 54 leathanach fóilió; 108 leathanach san iomlán (tá roinnt leathanaigh ar iarraidh). Coinnítear an lámhscríbhinn i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, Aberystwyth, mar chuid de Lámhscríbhinní Pheniarth.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. GY Gwyddoniadur Cymraeg; Gwasg Prifysgol Cymru; Cyhoeddwyd 2008; tudalen577