Lá na hAstráile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá na hAstráile
Íomhá
Cineálsaoire phoiblí
lá náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósan Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séFirst Fleet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
26 Eanáir Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
1938: Reáchtáladh cruinniú na mbundúchasach i Sydney le hagóid a dhéanamh

Ceiliúrtar lá náisiúnta na hAstráile ar 26 Eanáir gach bliain, "Lá na hAstráile" do dhaoine áirithe, nó "Lá Náisiúnta Mairgní", "Lá an Dobróin", "Lá an Ionraidh" nó fiú "Lá Marthanais" do dhaoine eile (Béarla: "Australia Day", "Day of Mourning" "Invasion Day" agus "Survival Day"). Féachann na Bundúchasaigh air mar an lá in ar cuireadh tús lena ndíshealbhú agus le léirscrios a saíochta.

"The Founding of Australia. le Capt. Arthur Phillip R.N. Sydney Cove, 18-26 Eanáir 1788", le Algernon Talmage 1937[1]

Dearcadh coilíneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an Cabhlach Ríoga i dtír i gCuan Sydney timpeall an ama seo, an 18-26 Eanáir 1788,[1] áit a bhí sa chóilíneacht le coirpigh a chur as an gcosán. Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil agus riail an choilíneachais.[2]

Cé go raibh lá náisiúnta i gceist ar 26 Eanáir, ón gcéad lá riamh, bhí grúpa amháin sa tír nár ghlac aon pháirt sa cheiliúradh: an mhuintir dhúchais. Ní thugtaí cuireadh dóibh le bheith páirteach ann sa chéad dul síos, agus is ríléir nach raibh aon siocair acu le bheith ag cuimhneamh le háthas ar an gcéad lá a tháinig na coilínigh i dtír.

29 Aibreán 1770: James Cook agus HMB Endeavour in aice le Sydney[1]

Rinne bundúchasaigh na tíre neamhaird den chomóradh le fada an lá, ach thall sa bhliain 1938 bhí ceiliúradh ollmhór ar siúl le haghaidh 150 bliain lonnaíocht na n-Eorpach. Reáchtáladh cruinniú na mbundúchasach áitiúil i Sydney le hagóid a dhéanamh in éadan “the Whiteman’s seizure of our country”.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú.[3][4] Tá díospóireacht ar siúl san Astráil ó shin i leith i dtaca le dáta an lae náisiúnta. Cinnte is breá le muintir na hAstráile a laethanta saoire poiblí agus b'fhéidir go mbeidís sásta glacadh le dáta nua don lá náisiúnta.

Féile na gCoilíníoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gach bliain ar 26 Eanáir – nó ar an Luan ina dhiaidh, má thiteann sé ar Shatharn nó ar an Domhnach – bíonn cóisirí ar fud fad na tíre le ‘Australia Day’ a chomóradh. Is deis bhliantúil í do mhuintir na hAstráile a mórtas as a dtír a léiriú, agus bíonn an brat náisiúnta le feiceáil go forleathan an lá sin. Den chuid is mó, ní fheictear é aon am eile i gcaitheamh na bliana.[2]

Bíonn réimse leathan siamsaíochta poiblí ar siúl san Astráil leis an lá a cheiliúradh,mar shampla ceolchoirmeacha, cluichí spóirt agus taispeántais tinte ealaíne. Agus ceiliúrann daoine go leor an lá le fulacht nó beárbaiciú, sa ghairdín cúil.

Reáchtáiltear searmanais gach bliain le saoránacht a bhronnadh ar inimircigh chun na tíre.

Is ardonóir í a bheith ainmnithe mar "Astrálach na Bliana".[5] Bíonn deis ag na daoine atá ainmnithe cúiseanna áirithe arbh áil leo a chur chun cinn le linn na bliana a mbíonn an teideal acu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús le ceiliúradh ar 26 Eanáir go luath i stair na nEorpach san Astráil agus tugadh ‘Anniversary Day’ air um an dtaca sin. Ní raibh ach na húdaráis páirteach sa cheiliúradh ar an chéad dul síos, mar ní raibh mórán le ceiliúradh ag na daoránaigh a tháinig chun na tíre i slabhraí, agus bhí cuid acu fós ina bpríosúnaigh. Rinneadh éabhlóid ar an lá in imeacht na mblianta agus, faoi dheireadh, dearbhaíodh gur lá saoire poiblí é.... in 1994.[6]

Ainmníodh 26 Eanáir mar ‘Lá na hAstráile’ go hoifigiúil sa bhliain 1946, agus ceithre bliana déag ní ba dhéanaí, ainmníodh an chéad duine mar ‘Astrálach na Bliana’ ar an lá. Ceapadh duine nua ag NADC leis an teideal seo gach bliain ó shin i leith.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 sea.museum (2023-10-17). "Mythbusting Cook: Fact fiction and total fallacy - Australian National Maritime Museum". web.archive.org. Dáta rochtana: 2024-01-26.
  2. 2.0 2.1 Bearnaí Ó Doibhlin (Aibreán 2009). "Lá na hAstráile" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-01-26.
  3. Benjamin T. Jones (2023-01-25). "Australia Day wasn’t always January 26, but it was always an issue" (en-US). The Conversation. Dáta rochtana: 2024-01-26.
  4. "Australia Day: The 'quiet rebranding' of a controversial national holiday" (en-GB) (2024-01-25). Dáta rochtana: 2024-01-26.
  5. "Home of the Australian of the Year Awards" (en). australianoftheyear.org.au. Dáta rochtana: 2024-01-26.
  6. "Why is Australia Day controversial?" (en). 1 News. Dáta rochtana: 2024-01-26.