Kwashiorkor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leanbh ag fulaing le Kwashiorkor. Bíonn comharthaí tanaithe gruaige, éidéime, fás leordhóthanach, agus cailliúint meáchain acu siúd a bhfuil Kwashiorkor acu. Léiríonn an stómaitíteas ar an naíonáin sa phictiúr go bhfuil Vitimín B in easnamh aige freisin.

Cinéal easláinte ghéar i measc pháistí é an kwashiorkor. Baineann sé le míchothú ó fhuinneamh na bpróitéiní agus is iad éidéime, greannaitheacht, anoireicse, deirmitíteas othrasaithe agus ae méadaithe le hionsíothláití sailleacha a phríomhthréithe. Is é an éidéime atá cúisithe ag drochchothú a shainíonn kwashiorkor.[1] Cheaptaí gur easpa próitéiní ba chúis le kwashiorkor, ach go mbíodh a ndóthain calraí á chaitheamh ag an othar, agus seo a roinneadh é ó mharasmas. Le déanaí áfach, aithníodh go bhfuil baint ag easpa micreachothaitheach agus frithocsaídeoir leis, chomh maith. Is annamh go dtarlaíonn sé sa domhan forbartha.[2]

Thóg péidiatraí Iamácach, an Dr. Cicely D. Williams, an focal isteach i gcaint phobal an leighis lena halt sa Lancet sa bhliain 1935. [3] Díorthaíonn an focal ó theanga an Ga ó chósta Ghána, agus "an tinneas a fhaigheann an leanbh nuair a thagann an leanbh nua" is ciall dó.[4][fíoras?] Tagraíonn seo don chaoi go bhforbraíonn an tinneas go minic i leanbh a scoitear den chíoch nuair a thagann siblín nuabheirthe ar an bhfód.[4] Tá próitéiní agus aimínaigéid i mbainne na gcíoch atá riachtanach do fhorbairt an pháiste. I measc pobal atá i mbaol, is féidir go bhforbróidh kwashiorkor má scoitheann máthair leanbh ó bhainne na gcíoch agus aiste bia atá lán le stáirsí, carbaihiodráití, agus atá gann ó thaobh próitéiní a chur ina áit.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Ciliberto H, et al. (May 2005). "BMJ". BMJ 330 (7500): 1109. PMID 15851401. 
  2. Liu, Howard et al. Kwashiorkor in the United States Fad Diets, Perceived and True Milk Allergy, and Nutritional Ignorance Arch Dermatol. 2001;137:630-636. http://archderm.ama-assn.org/cgi/content/abstract/137/5/630
  3. Williams CD (1935). "". Lancet 226: 1151–2. doi:10.1016/S0140-6736(00)94666-X. 
  4. 4.0 4.1 "Merriam Webster Dictionary".