K2

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
K2
K2-big.jpg
K2 sa tsamhradh
Airde 8,611 m
Ceantar An Phacastáin, Daon-Phoblacht na Síne
Sliabhraon Karakoram (Na Himiléithe)
Comhordanáidí 35.8825° N 76.513333° E

Is é K2, nó Ketu mar a tugann na daoine áitiúla air, an dara sliabh is airde ar an domhan (is é Sliabh Everest an ceann is airde). Is páirt de shliabhraon Karakoram é sna Himiléithe atá suite i réigiún na Caismíre ar an teorainn idir Gilgit-Baltistan, an Phacastáin agus Contae Uathrialach Taxkorgan Tajik, sna Tiarnais Nua i nDaon-Phoblacht na Síne. Tá K2 8,611 méadar (28,251 troigh) ar airde.

Ba iad Lino Lacedelli agus Achille Compagnoni na chéad daoine a shroich barr an tsléibhe, ar an 31ú lá de Mhí Iúil 1954. Baill de ghrúpa Iodálach faoi cheannas Ardito Desio a bhí iontu.