Julián Trujillo Largacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Julián Trujillo Largacha
Julián Trujillo Largacha.jpg

12ú Uachtarán Stát Aontaithe na Colóime
In oifig
1 Aibreán 1878 - 1 Aibreán 1880
Réamhtheachtaí: Aquileo Parra
Comharba: Rafael Núñez

In oifig
10 Aibreán 1877 - 19 Nollaig 1877
Réamhtheachtaí: Manuel María Uribe Ángel
Comharba: Daniel Aldana Manta

In oifig
1 Lúnasa 1873 - 1 Lúnasa 1875
Réamhtheachtaí: Tomás Cipriano de Mosquera
Comharba: César Conto

In oifig
15 Lúnasa, 1867 - 15 Lúnasa,1869

Dáta breithe 28 Eanair 1828
  Popayán, Cauca, An Cholóim
Dáta báis 18 Iúil 1888
  Bogotá, Cundinamarca, An Cholóim
Páirtí Partido Liberal Colombiano
Gairm Dlíodóir,Saighdiúir, Polaiteoir.
Céile Dolores Carvajal Espinos

Bhí Julián Trujillo Largacha (28 Eanáir, 1828-1883) ina ghinearál Colómach, ina pholaiteoir agus Uachtarán na Colóime ó 1878 go dtí 1880.

Rugadh é i bPopayán, bhí sé ina státaire, polaiteoir agus fear míleata Cauceach. Ba Uachtarán na Poblachta é le linn na tréimhse 1878-1880. Bhain sé céim amach mar dhlíodóir sa bhliain 1849 ach thug sé páirt i bhfeachtas míleata i gcoinne deachtóireacht José María Melo, agus an Chónaidhm Ghranadach (Confederación Granadina) de chuid Mariano Ospina Rodríguez. Ba bhall den Pháirtí Liobrálach Colómach é (Partido Liberal Colombiano) agus faoin bhratach seo d'fhreastail sé ar Chomhdhálacha éagsúla, agus bhí sé ina Aire Stáit, Uachtarán Stát Ceannasach na Chauca (Estado Soberano de Cauca), príomhfheidhmeannach sibhialta agus míleata Stát Ceannasach na hAntioca (Estado Soberano de Antioquia), i measc post eile.