John Ericsson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceapadóir a rugadh i Långbansyttan na Sualainne ab ea John Ericsson (1803-1889). Chuaigh sé go Sasana i 1826, agus cheap an chéad lián bíse rathúil le báid is longa a thiomáint (1836). Chuaigh sé do na Stáit Aontaithe i 1839 agus dhear an long chogaidh Princeton, an chéad ghaltán a raibh a coire is a hinnill go hiomlán faoi líne an uisce. I 1861 thóg sé an long phlátáilte Monitor agus longa eile. D'athraigh a haireagáin úrnua tógáil longa cogaidh go huile is go hiomlán.