John Cowdery Kendrew

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithcheimicí a rugadh in Oxford Shasana ab ea John Cowdery Kendrew (1917-1997). Rinne sé amach struchtúr tríthoiseach míoglóibín, an phróitéin a iompraíonn ocsaigin i matáin, an chéad uair a rinneadh amach struchtúr móilín chomh casta sin. I 1962 bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic le Max Perutz as an saothar seo.