James Bulger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is alt faoin tachrán Sasanach a dúnmharaíodh sa bhliain 1993 é seo; tá alt ar leith faoin gcoirpeach Meiriceánach James "Whitey" Bulger ann freisin.

Buachaill dhá bhliain d'aois as Kirkby, Merseyside, Sasana, ba ea James Patrick Bulger (Jamie Bulger uaireanta) (rugadh é ar 16 Márta 1990).[1] Fuadaíodh, céasadh agus maraíodh sa bhliain 1993 é. Ba bheirt bhuachaillí deich mbliana d'aois a mharaigh é, Robert Thompson (a rugadh ar an 23 Lúnasa 1982) agus Jon Venables (a rugadh ar an 13 Lúnasa 1982).[2]

Fuarthas Thompson agus Venables ciontach as Bulger a mharú ar an 24 Samhain 1993, agus b'iad an bheirt b'óige a ciontaíodh as dúnmharú sa ré reatha de stair Shasana. Coinníodh faoi choimeád iad go dtí go raibh siad fásta, go haois 18 déag ar dtús, agus ansin scaoileadh iad i Meitheamh na bliana 2001. Tá an cás tar éis díospóireacht ar conas déileáil le hógchiontóirí nuair a dhaortar iad nó nuair a scaoiltear iad ó chúram an stáit a spreagadh.[3]

[athraigh] Tagairtí


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile