Whitey Bulger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Whitey Bulger sna 1990í

Is iar-mháistir coiriúlachta Meiriceánach é James Joseph "Whitey" Bulger, Jr. , a rugadh ar 3 Meán Fómhair, 1929 i nDorchester, comharsanacht de Bhostún, Massachusetts. Bhí Bulger i gceannas ar an Winter Hill Gang, drong coirpeach lonnaithe i Somerville, Massachusetts. Bhí sé réitithe go dtabharfadh sé faisnéis don FBI i dtaobh choirpeach eile, gan aon chur isteach ag an FBI ar a chuid coireanna féin. Cuireadh náire ar an mbiúró sa bhliain 1997 nuair a nocht an páipéar nuachta The Boston Globe an réitiú sin eatarthu os comhair an tsaoil.

Ar 19 Lúnasa 1999, cuireadh Bulger ar liosta an deichniúr coirpeach is mó tóir orthu ag an FBI. Tá cambheartaíocht, 19 dúnmharú, sracaireacht airgid, níochán airgid, comhcheilg, agus dáileadh drugaí támhshuanacha curtha ina leith. Tar éis 16 bliana a bheith caite ag Bulger ar a theitheadh, gabhadh eisean agus a chailínchara ar 23 Meitheamh, 2011 in Santa Monica, California ag an árasán a raibh siad ina gcónaí ann. Bhí Bulger 81 bliain d’aois ag am a ghabhála.

Chuaigh cás Bulger chun trialach ar an 12ú Meitheamh 2013 i gcúirt i mBostún Theas agus 32 coir curtha ina leith, comhpháirteachas i 19 dúnmharú ina measc. Ar an 12ú Lúnasa 2013 ciontaíodh é in 31 de na cúiseamh úd, agus fuarthas go raibh sé páirteach in 11 dúnmharú.

As Talamh an Éisc seantuismitheoirí Bhulger ar thaobh a athar agus iad de shinsireacht Éireannach. Iníon le himircí as Éireann í a mháthair.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]