Indeed

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaIndeed
Sonraí
Cineálsuíomh idirlín fostaíochta
inneall cuardaigh
gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2004
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ÚinéirRecruit Holdings Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinindeed.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: indeed Instagram: indeed_jp Cuir in eagar ar Wikidata

Is suíomh gréasáin acmhainní daonna e Indeed, atá bunaithe in Austin, Texas agus Stamford, Connecticut. Is fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid Recruit Co. Ltd sa tSeapáin.

Túr Indeed in Austin, Texas,

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí an Mhárta 2023, bhí sé beartaithe ag Indeed thart are 15% d'fhoireann oibre an chomhlachta in áiteanna éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil (nó thart ar 2,200 duin). Thug príomhfheidhmeannach an chomhlachta, Chris Hyams le tuiscint go raibh an líon folúntas ar fud an domhain ag laghdú an t-am ar fad, go raibh an eagraíocht rómhór anois agus go gcaithfidís fuineadh de réir na mine feasta, an téad céanna atá móreagraíochtaí teicneolaíochta eile a sheinm le scaitheamh.[1]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí thart ar 1,300 duine fostaithe ag Indeed in Éirinn sa bhliain 2022.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2023-03-22). "Indeed le 15% den fhoireann dhomhanda a leagan as obair" (as ga-IE).