Iéro II na Sioracúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séadchomhartha uaighe d'Iéro II i Sioracús

Ba rí Gréagach Sicileach de chuid na Sioracúise é Iéro II (Sean-Ghréigis:Ἱέρων) (c. 308 RC - 215 RC) ón bhliain 270 go dtí 215 RC, agus ba mhac neamhdhlisteanach é d'uasal Sioracúsach, Hierocles, a mhaígh go raibh gaol aige le Ghelon. Bhí sé ina ghinearál do Phiorr na hIpíre, agus ba dhuine tábhachtach é san Chéad Chogadh Púnach.