Hugues Capet na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hugues Capet
Hugues Capet, Rí na Fraince
Hugues capet.jpg
Réimeas 3 Iúil, 98724 Deireadh Fómhair 996
Dáta breithe t. 940
Dáta báis 24 Deireadh Fómhair 996
Áit bháis Páras, An Fhrainc
Réamhtheachtaí Louis V
Comharba Robert II
Rítheaghlach Capet
Céile Adélaïde d'Aquitaine

Ba rí na bhFranc ó 987 go 996 agus bunaitheoir an rítheaghlaigh Capet é Hugues Capet (~ 940 - 24 Deireadh Fómhair 996), rítheaghlach a mhair go dtí Laoiseach XVI sa 18ú haois.

An Fhrainc sa 10ú haois[athraigh | edit source]

Ní raibh sliocht Shéarlais Mhóir (Charlemagne), impire na bhFranc san 8ú haois, in ann teorainneacha ríocht na bhFranc a chosaint, go háirithe san iarthar. Thóg na tiarnaí móra caisleáin láidre ina ndúichí féin. Uaireanta ba iad na heaspaig a bhí i gceannas chun an eaglais is an creideamh Críostaí a chosaint.

Ag deireadh na dála, ní raibh duine ó sliocht Shéarlais Mhóir, nó na Carolingiens as Fraincis, fágtha tar éis bás Laoiseach V i mí na Bealtaine sa bhliain 987 agus bhuail na tiarnaí le chéile i Noyon chun rí nua a thoghadh. Ba é Hugues, ab cróga a thóg páirt i gcathanna agus diúc na bhFranc ón mbliain 960, an fear ba threise acu. Bhí clóca naoimh Tours, Máirtín, ag Hugues ina mhainistreach agus tháinig a ainm Capet ón fhocal Laidine cappa, an duine a raibh an clóca aige. Beannaíodh mar rí in ardeaglais Reims é ar an 3 Iúil sa bhliain 987. Ba é sin tús ríocht na Fraince, nó ríocht Francach an Ghaill.