Hugh Leonard
| Hugh Leonard | |
| Hugh Leonard, thart ar an mbliain 2000 | |
| Dáta breithe | 9 Samhain, 1926 |
| Baile Átha Cliath, Éire | |
| Dáta báis | 12 Feabhra, 2009 |
| Baile Átha Cliath, Éire | |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Gairm | Drámadóir, Iriseoir |
Ba dhrámadóir agus iriseoir Éireannach é Hugh Leonard (9 Samhain 1926 - 12 Feabhra 2009[1]). Ba é John Keyes Byrne an fíorainm a bhí air ó thús a shaoil agus thugadh a chairde Jack air.
Léiríodh a chéad dráma 'An Chulaith Mhór Lá Breithe' (The Big Birthday Suit), in Amharclann na Mainistreach i 1956. Bhí saol cruthaíoch torthúil aige ó shin agus ocht ndráma déag scríofa aige. Ina theannta sin, d'fhoilsigh sé dhá shaothar beathaisnéise; ceann dar teideal 'Sa Bhaile Roimh an Oíche' (Home Before Night) i 1979 agus ceann eile darb ainm 'Amuigh in Am an Dorchadais' (Out After Dark) i 1989. Bhíodh alt rialta á scríobh aige sa Sunday Independent ar feadh seala, dar teideal Curmudgeon. Bhí dúil mór aige sna cait agus i mbialanna agus gráin aige do Gay Byrne.
Bhain sé duais Tony dá dhráma Da i 1977. Cuntas osréalaíoch greannmhar ar a óige agus ar a athair altrama is ea é.
Bhí cónaí ar i mBaile Átha Cliath.
Tagairtí [athraigh]
Naisc sheachtracha [athraigh]
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.