Hu Jintao

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hu Jintao
Hu Jintao 2004.jpg

6ú Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach na Síne
In oifig
15 Samhain 2002-inniu
Réamhtheachtaí: Jiang Zemin
Comharba: Xi Jinping

Dáta breithe 21 Nollaig 1942
  Taizhou, Anhui Sheng, Daon-Phoblacht na Síne
Páirtí Páirtí Cumannach na Síne
Gairm Innealtóir hiodrálach
Síniú
Hu Jintao Sign.svg

Ba é Hu Jintao (Pinyin: Hú Jǐntāo; rugadh 21 Nollaig 1942) Ceannaire Fíorthábhachtach Dhaon-Phoblacht na Síne. Bhí na teidil Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach na Síne (2002–2012), Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne (2003-2013), agus Cathaoirleach Choimisiún Ceannais Míleata (2004–2013) aige. Tháinig sé i gcomharbas ar Jiang Zemin mar ard-cheannaire na ceannaireachta ceathrú glúin de Pháirtí Cumannach na Síne. Xi Jinping a tháinig i gcomharbas ar Hu Jintao.

Is é Jixi Xian (Contae Jixi), i gCúige Anhui, baile traidisiúnta a shinsir. Rugadh Hu Jintao i dTaizhou, i gCúige Jiangsu. D'fhás sé aníos ansin agus rinne sé a chuid ardscolaíochta ann. D'aistrigh a mhuintir go Jiangyan, i Jiangsu, i ré a sheanathar. Ba as Taixian, i Jiangsu, a mháthair.

Ceannaí tae ab ea a athair. Múinteoir scoile a bhí ina mháthair. Fuair sise bás nuair a bhí Hu Jintao seacht mbliana d'aois.