Hoilmiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hoilmiam
Siombail Cheimiceach Ho
Uimhir Adamhach 67
Meáchan Adamhach 164.930g·mol-1
Grúpa, Peiriad NA, 6, f
Dlús 8.93 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Lantanóidigh
Ho-TableImage.png

Is é an hoilmiam dúil cheimiceach uimhir a 67, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ho. Ceann de na lantanóidigh é, agus cosúil lena lán lantanóideach eile, is miotal bog insínte é. Ní imoibríonn sé le haer tirim, ach iompóidh sé ina thrí-ocsaíd go sciobtha má ardaítear an teocht, agus más aer tais atá ann.

Dúil pharamaighnéadach é an hoilmiam, is é sin, treiseoidh sé le réimse maighnéadach eachtrach, ach ní fhanfaidh maighnéadas buan ann nuair a chuirfear an réimse maighnéadach as arís. Ní thiocfaidh fearómaighnéadas (is é sin, an cineál buanmhaighnéadú a shamhlaímid leis an iarann) sa hoilmiam ach le teocht 17 K (-256 céim Celsius) nó níos fuaire fós. Mar sin féin, tá paramaighnéadas an hoilmiam láidir go maith, nó tá an hoilmiam níos airde ar mhóimint mhaighnéadach ná aon dúil eile. Úsáidtear sna maighnéid agus i riailmhaidí na n-imoibreoirí núicléacha é. Fuair sé a ainm ó Stócólm, príomhchathair na Sualainne, nó is é Holmia ainm Laidine na cathrach sin.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an hoilmiam, mar atá, hoilmiam a 165. Níl iseatóip nádúrtha radaighníomhacha aige ach an oiread. Bhí na fisiceoirí in ann roinnt iseatóp radaighníomhacha a shintéisiú, agus is é hoilmiam a 163 an ceann is fadsaolaí acu, nó tá sé 4570 bliain ar leathré.

Ba iad Marc Delafontaine agus Jacques-Louis Soret ba túisce a chuir sonrú i línte speictreascópacha an hoilmiam, thiar sa bhliain 1878. Sa bhliain chéanna, bhí an ceimiceoir Sualannach Per Teodor Cleve ag déanamh taighde ar an eirbia, is é sin, an ocsaíd eirbiam, agus é barúlach go raibh an eirbia truaillithe le substaintí eile. D'éirigh leis truailleáin na heirbia a aithint agus a aonrú, mar atá, substaint dhonn ar ar thug sé hoilmia, agus substaint uaine ar ar thug sé túilia. Ina dhiaidh sin, fuair eolaithe eile amach gurbh í an ocsaíd hoilmiam a bhí i gceist leis an hoilmia, agus ba í an túilia an ocsaíd túiliam.

Tá hoilmiam le fáil sa mhonaisít agus sa ghadailínít, cosúil leis na lantanóidigh eile.

Mar is dual don lantanóideach, is é +III an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an hoilmiam sna comhdhúile ceimiceacha. Is í an ocsaíd hoilmiam (an trí-ocsaíd déhoilmiam) Ho2O3 a gheofar má ocsaídítear hoilmiam, agus tagann smúit ocsaíde ar an hoilmiam go mall faoi thionchar an aeir. Athraíonn an ocsaíd hoilmiam dath go drámatúil de réir an chineál solais a bhfuil sé faoi, nó tá sé buí faoi sholas an lae, ach tá dath dearg ann faoi sholas an lampa fhluaraisigh, ionas gur deacair é a aithint thar an ocsaíd eirbiam.

Imoibreoidh an hoilmiam leis an uisce te agus is é an toradh a gheofar ná hiodrocsaíd hoilmiam Ho(OH)3. Ní nach ionadh imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin le tríhalaiginídí a dhéanamh: an trífhluairíd hoilmiam HoF3, an tríchlóiríd hoilmiam HoCl3, an tríbhróimíd hoilmiam HoBr3, agus an trí-iaidíd hoilmiam HoI3. Tá dath buí sna halaiginídí, amach ón bhfluairíd, nó tá sí pinc.

Úsáidtear comhdhúile áirithe hoilmiam le dath a chur sa ghloine.