Hickmania troglodytes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHickmania troglodytes Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeArachnida
OrdAraneae
FineAustrochilidae
GéineasHickmania
SpeiceasHickmania troglodytes Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Ceantair eindéimeacha

Damhán mór is ea Hickmania troglodytes (damhán uaimhe na Tasmáine). Tá sé idir 13 agus 20 mm ar fad agus tá réise a chos chomh mór le 180 mm. Is lú agus is faide cos an damhán firinscneach ná an ceann baininscneach, agus tá cor sa chuid deireadh de gach dara cos. Tá dath ruadhonn ar an mblaosc agus dath dúdhonn ar an mbolg atá i leith na léithe. Tá ceithre orgánach anála bhunaidh ag an damhán seo agus iad ina mbaill bhána faoin mbolg.

Tá damháin uaimhe den saghas seo le fáil sa Tasmáin amháin agus iad scaipthe go mór. Tá siad líonmhar mar a bhfuil uisce faoi thalamh agus uaimheanna, agus is féidir iad a fheiceáil cruinnithe i mbéal uaimheanna nó sa mharbhsholas istigh. Tá siad le fáil freisin in áiteanna dorcha fionnuara ciúine eile, ar nós cearchalla folmha nó an taobh thíos de dhroichid.

Cothú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann an damhán uaimhe líon leathan a d’fhéadfadh a bheith méadar trasna. Bíonn an damhán ar crochadh lena chosa fada as díon na huaimhe agus é ag fanacht lena chreach – criogair, ciaróga, cuileoga, míleachosaigh agus damháin eile.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar suirí agus cúpláil idir an chuid deiridh den gheimhridh agus an tEarrach. Baineann an damhán firinscneach sracadh as an líon, agus nuair a chastar an ceann baininscneach air buaileann sé a chosa tosaigh uirthi. Ó am go chéile baineann stad de nó cúlaíonn sé, agus d’fhéadfaidís leanúint den ghnó ar feadh cúig uair an chloig nó os a chionn. Bíonn an damhán firinscneach ag iarraidh greim a fháil ar chloigeann an chinn eile le cor na gcos agus a starrfhiacla a choinneáil scartha amach chun go bhféadfaí cúpláil.

Is mór iad na saic uibheacha (timpeall 40 mm agus 25 mm) agus tá dealramh piorra orthu. Tá balla tiubh síoda amuigh agus soitheach crua ar crochadh istigh nach dteagmhálann leis an mballa. B’fhéidir gur cosaint é seo ar athrú aeráide nó ar ábhar truaillithe, agus dealraíonn sé nach ngéilleann an síoda d’fhungais ná do bhaictéirí. Bíonn an damhán baininscneach ag faire ar an sac, agus lasmuigh den uaimh ceiltear é le blúirí adhmaid fhliuch lofa. Tagann an t-ál amach i gceann ocht mí nó deich mí féin agus scaipeann siad i gceann míosa. Is fada saol na ndamhán seo; b’fhéidir go maireann siad scór blianta ar a laghad.

Éiceolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tábhacht éiceolaíoch le damhán uaimhe na Tasmáine mar mhórchreachadóir sna uaimheanna. Tá tábhacht leis freisin mar speiceas iarmharach ó Gondwanaland a bhfuil na gaolta is gaire dó i Meiriceá Theas agus a bhfuil cuid de thréithe na ndamhán is luaithe aige.

Rangú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spéiceas - troglodytes
Géineas – Hickmania
Fine - Austrochilidae
Fo-ord – Araneomorphae
Ord – Araneae
Rang – Arachidna
Fíleam – Arthropoda
Ríocht - Animalia

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eolas ar dhamhán uaimhe na Tasmáine ó Mhúsaem na hAstráile