Haisiam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Haisiam | |
| Siombail Cheimiceach | Hs |
| Uimhir Adamhach | 108 |
| Meáchan Adamhach | 265, 269, 270 |
| Grúpa, Peiriad | 8, 7, d |
| Dlús | |
| Sraith Cheimiceach | Miotail thrasdultacha |
Is é an haisiam dúil cheimiceach uimhir a 108 i dtábla peiriadach na ndúl agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Hs. Is dúil shintéiseach é, agus an comhalta is troime de ghrúpa 8 (VIII) na ndúl. Tugadh an dúil seo faoi deara den chéad uair sa bhliain 1984. Dheimhnigh turgnaimh go bhfuil haisiam ina bhall tipiciúil de ghrúpa 8, mar go léiríonn sé staid ocsaídiúcháin chobhsaí +8 atá analógach le hoismiam.
Tá roinnt iseatóp ar eolas againn, agus is é an iseatóp 269Hs an ceann is faidesaolach le leathré de ~ 10 s. Shintéisíodh níos mó ná 100 adamh de hassium go dtí seo in imoibrithe comhleá éagsúla fuar agus te, mar mháthair-núicléas agus mar tháirge meatha araon.