Haemacrómatóis cineál 1

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar ó oidhreacht é an Haemachrómatóis cineál 1 nó an Galar Ceilteach ina stórálann an cholainn an-iomarca iarainn ó aiste bia an othair. Fágann seo go mbíonn ardú paiteolaíoch de na leibhéil iarainn sa cholainn. Feictear an cineál ó oidhreacht is minice ina measc siúd a shíolraíonn ó shliocht Thuaisceart na hEorpa, daoine de bhunadh na gCeilteach ach go háirithe.