Gruffydd Fychan I

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gruffydd Fychan)
Infotaula de personaGruffydd Fychan I
Beathaisnéis
Breith13 haois
Bás1289
Powys Fadog
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMadog Crypl Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGruffudd ap Madog  agus Emma d'Audley
SiblínMadog II ap Gruffydd agus Angharad Griffith

Prionsa Powys Fadog ón bhliain 1277 go dtí 1284 ab ea Gruffudd Fychan I, an mac is óige de cheathrar a raibh ag Gruffudd ap Madog, Tiarna Dinas Brân.

Nuair a d’éag a athair sa bhliain 1269 (nó 1270), fuair sé Iâl agus Edeirnion, ina bhfuil Glyn Dyfrdwy san áireamh. Ba comhghuaillí le Llywelyn ap Gruffudd, Prionsa na Breataine Bige é, le linn chogadh na bliana 1277. Sa chonradh síochána, aontaíodh go mbeadh sé mar tionónta do Llywelyn in Edeirnion, ach do Éadbhard I Shasana in Iâl. Troid sé i dteannta Llywelyn arís le linn chogadh na mblianta 1282-83, ach chaill sé a chuid tailte an uair seo.

D’ainneoin sin, mheall Iarla Surrey an rí a chuid tailte a thabhairt ar ais dó, agus bhí seilbh aige faoi choimirce na rí don chuid eile dá shaol. Cailleadh é sa bhliain 1289, agus mac óg ina dhiaidh mar comharba, Madog Crypl.