Grian-am

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nuair a thomhaistear am i dtaca leis na réaltaí i bhfad i gcéin, seachas an Ghrian mar a dhéantar i ngnáth-am, is am réaltach é sin. Nuair a rothlaíonn an Domhan uair amháin i dtaca leis an nGrian mar phointe tagartha, sin gnáthghrianlá. Nuair a rothlaíonn an Domhan i dtaca leis na réaltaí, bíonn sé tar éis gluaiseacht chun tosaigh trí 1/365 dá fhithis thart ar an nGrian, agus ní mór dó rothlú rud beag eile chun go mbeidh an Ghrian ag an mbunionad sa spéir arís. Thar bhliain iomlán ní mór don Domhan rothlú trí 1/365 de lá Gréine, nó timpeall 4 nóiméad breise gach lá. Is faide de 4 nóiméad lá réaltach ná gnáthlá Gréine, mar sin. Is ionann am réaltach is am Gréine ag cónacht an fhómhair, timpeall 21 Meán Fómhair. Ina dhiaidh sin éiríonn an t-am réaltach níos luaithe ná am na Gréine, ionas go mbíonn sé 12 uair níos luaithe ag cónocht an earraigh, timpeall 22 Márta. Baineann na réalteolaithe feidhm as am réaltach chun a rá go héasca cathain a nochtófar réaltaí is réaltraí sa spéir istoíche, de bhrí go n-éiríonn gach réalta ag an am réaltach céanna gach oíche.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Grian-am". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 331.