Graf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Léaráid a léiríonn an gaol idir dhá thacar uimhreacha, cosúil leis an ngaol idir airde planda (i cm) agus an t-am ón nginidiú (i laethanta). Féadfaidh an tacar uimhreacha a bheith ailgéabrach amháin, cosúil leis an ngaol atá cuimsithe sa chothromóid y = x + 2. Bíonn na scálaí ar na haiseanna tairiseach de ghnáth, ach ní gá sin: mar shampla, tá grafpháipéar logartamach ar fáil, agus nuair a bhíonn gaol logartamach á léiriú air, faightear graf líneach. Bíonn cuid mhaith saghsanna eile grafpháipéir ar fáil freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Graf". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.