Godfrey Newbold Hounsfield

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Newark Shasana ab ea Godfrey Newbold Hounsfield (1919-2004). Ceann na foirne a dhear an ríomhaire EMI-DEC 1100. Neamhspleách ar Allan Cormack, d'fhorbair sé modh chun tomagrafaíocht le cabhair ríomhaire, íomháú trasghearrthach nua le X-ghathanna (scanadh CT), a dhéanamh sa mhíochaine, agus tháirg comhlacht EMI na scanóirí seo ó thús na 1970idí. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/ míochaine le Cormack i 1979.