Léagúm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Glasra pischineálach)
Bosca Sonraí BiaLéagúm
Sonraí
Cineálcrop (en) Aistrigh, bia agus shelf-stable food (en) Aistrigh

Is éard is léagúm ann ná planda san teaghlach Fabaceae (nó Leguminosae), nó an toradh nó síol dá shórt. I réimse na talmhaíochta, fástar léagúim, go príomha le haghaidh gráin bhia (mar shampla pónairí agus lintilí, nó go ginearálta piseánaigh), le haghaidh foráiste beostoic agus sadhlais, agus mar aoileach glas le haghaidh na hithreach a fheabhsú.

Bíonn pischineálaigh suntasach toisc go mbíonn baictéir shiombóiseacha fosaithe nítrigine ag an chuid is mó acu, i struchtúir a dtugtar nóidíní fréimhe.

Bíonn na léagúim seo a leanas measartha coitianta; alfalfa, seamair, piseanna, pónairí, lintilí, lúipíní, MESQUITE, carob, Pónairí soighe, piseanna talún agus tamarain.

Nuair a bhíonn sé aibí scoilteann in dhá chomhla, gach ceann ag iompar síolta ailtéarnacha. Uaireanta bíonn an scoilteadh pléascach, nó is féidir go gcasfaidh na comhlaí chun na síolta a scaipeadh níos leithne. Itear cuid mhaith díobh mar ghlasraí.

Tá tréith ar leith ag a leithéid de phlandaí, go bhfosaíonn siad nítrigin ón aer is go leasaíonn siad an ithir mar seo ó thaobh nítrigine de.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Glasra pischineálach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 320.