Glútamáit aonsóidiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Oibreán blaistithe a úsáidtear chun blas feola a fheabhsú (MSG i mBéarla), a chuirtear le han-chuid bianna próiseáilte a bhfuil feoil nó úsc feola iontu. Bhíodh scanradh ann go gcuirfí an iomarca MSG sa chothú, mar shampla i mbéilí ó phroinntithe Síneacha. Ach asúitear í i bhfoirm aigéid ghlútamaigh sa cholainn, an t-aimínaigéad nádúrtha is flúirsí san imshruthú fola, agus b'fhíordheacair a thiúchan sa bhfuil a mhéadú le béile nó dhó. Glactar leis gurbh iarmhairt shíceasómatach é ‘siondróm an phroinntí Shínigh’. Mar sin féin, ní cheadaítear do dhéantúsóirí MSG é a chur i mbianna i gcomhair naíonán is leanaí.