George Richards Minot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
George Minot

Lia a rugadh i mBostún ab ea George Richards Minot (1885-1950). Faoi thionchar shaothar George Whipple (1878-1976) ar anaemacht mharfach, agus i gcomhar le William Murphy (1892-1987), thug sé isteach cothú d'ae amh mar chóireáil rathúil ar an ngalar. Bhuaigh an triúr acu Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1934 as.