Geata Nua Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Geata Nua Bhaile Átha Cliath
Sonraí
CineálGeata cathrach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire

Is éard is Geata Nua Bhaile Átha Cliath ann ná geata isteach go Baile Átha Cliath trí bhallaí na cathrach meánaoisí. Dá mba mhaith le duine Baile Átha Cliath a fheiceáil mar a bhí sna meánaoiseanna, d'fhéadfaí dul isteach trí Gheata San Audoen, an t-aon gheata cathrach atá fágtha sa lá atá inniu ann. Bhí an Geata Nua in iarthar Bhaile Átha Cliath i rith na meánaoiseanna. Príosún a bhí sa túr ó dheas go dtí an bhliain 1780. Bhíodh daoine á gcrochadh taobh leis an bpríosún, agus bhíodh pionóis den uile chineál á ngearradh ar dhaoine in aice láimhe ag Margadh an Arbhair.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-alt seo bunaithe ar chomharthaí poiblí de chuid na Comhairle Cathrach.