Gailliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gailliam
Siombail Cheimiceach Ga
Uimhir Adamhach 31
Meáchan Adamhach 69.723(1) g·mol-1
Grúpa, Peiriad 13, 4, p
Dlús 5.91 g·cm-3
Sraith Cheimiceach Miotail iarthrasdultacha
Ga-TableImage.png

Is dúil cheimiceach é an gailliam. Ceann de na miotail iar-thrasdultacha atá ann. Is é dúil uimhir a 31 é, agus is í an tsiombail atá air ná Ga. Níl sé ar fáil sa dúlra ina dhúil, agus níl mórán mianraí ann ach an oiread ina mbeadh an gailliam ar ceann de na príomh-chomhábhair. Ó tá sé in aon ghrúpa leis an alúmanam, tá sé cosúil leis ó thaobh na ceimice de, agus mar sin bíonn an bháicsít truaillithe le hiarsmaí gailliam go minic.

Miotal sobhriste é an gailliam le teocht an tseomra, ach is é a leáphointe ná 29.7646 °C, agus mar sin, leáfadh sé sa lámh agat dá bhfaighfeá greim air. Cosúil leis an uisce, forbróidh an gailliam nuair a iompóidh sé ina sholad, agus déanfaidh gailliam leáite dochar do na miotail eile, ós féidir leis seangú isteach tríothu agus a struchtúr criostalta a chur as a riocht.

Ba é Paul Émile Lecoq de Boisbaudran, an ceimiceoir Francach an chéad duine a d'aithin an gailliam mar dhúil ar leith, ar an dá líne vialait a fhágann sé ar an speictream.[1] Rinneadh an fhionnachtain seo sa bhliain 1875, ach bhí Dmitrí Meindeiléiv, athair an tábla pheiriadaigh, in ann saintréithe an ghailliam a thuar roimhe sin féin, nó thuig sé go raibh dúil ar lár go fóill sa bhearna sin. Is é an t-ainm a bhí ag Meindeiléiv ar an ngailliam ná eka-alúmanam; ón tSanscrait a fuair sé an réimír sin eka. Ba é Boisbaudrain a bhaist an t-ainm sin gailliam ar an dúil nua, agus is é An Ghaill - ainm stairiúil na Fraince - is bun leis an ainm seo. Bhí lucht an ghrinn i saol na ceimice barúlach, áfach, gurb as féin a d'ainmnigh sé an dúil. Nó is amhlaidh gurb é gallus an focal Laidine ar "coileach", agus is é is brí le le coq san Fhraincis ná "an coileach"![2] Ní mó ná sásta a bhí Boisbaudran féin leis an scéilín magaidh seo, agus fuair sé riachtanach é a shéanadh in alt a scríobh sé na blianta fada i ndiaidh na fionnachtana.

Gailliam (criostail)

Inniu, úsáidtear an gailliam i ndópáil na leathsheoltóirí. Sular tháinig teicneolaíocht na leathsheoltóirí chun tosaigh, ba iad na príomhúsáidí a bhaintí as an miotal seo ná teirmiméadair agus cóimhiotail sholeáite.

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an ngailliam ina chuid comhdhúl ná +3. Bíonn comhdhúile gailliam (+1) ann chomh maith, ach tá sé de chlaontacht iontu díréiriú a dhéanamh go gailliam miotalach agus gailliam (+3). Le teocht an tseomra, éighníomhófar an gailliam agus é i dteagmháil leis an aer, nó tiocfaidh brat ocsaíde air cosúil leis an alúmanam. Má théitear é, áfach, imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, ionas go gcruthófar trí-ocsaíd an ghailliam, Ga2O3. Ceimiceán tábhachtach é an trí-ocsaíd seo sa teicneolaíocht. Mar shampla, is féidir sreanga agus plátaí micreascópacha a dhéanamh aisti, agus mar sin, táthar ag baint trialach as an dé-ocsaíd sa nanaitheicneolaíocht.

Má théitear gailliam agus dé-ocsaíd go 500 °C, imoibreoidh siad le chéile, ionas go bhfaighfear aonocsaíd ghailliam, Ga2O, ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin úd +1 ag an ngailliam. Is dí-ocsaídeoir láidir í an aonocsaíd, ós rud é go bhfuil gailliam (+1) an-fhonnmhar chun é féin a ocsaídiú go gailliam (+3). Tá sé, fiú, in ann aigéad sulfarach H2SO4 a dhí-ocsaídiú go suilfíd hidrigine H2S.[3]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. de Boisbaudran, Lecoq. "Caractères chimiques et spectroscopiques d'un nouveau métal, le gallium, découvert dans une blende de la mine de Pierrefitte, vallée d'Argelès (Pyrénées)". Comptes rendus 81. 
  2. Weeks, Mary Elvira (1932). "The discovery of the elements. XIII. Some elements predicted by Mendeleeff". Journal of Chemical Education 9 (9): 1605–1619. 
  3. Anthony John Downs (1993). "Chemistry of aluminium, gallium, indium, and thallium". Springer.