Gafa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharGafa
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarRé Ó Laighléis Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1996 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Sprioclucht féachanayoung adult (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal é Gafa a scríobh Ré Ó Laighléis. Leanann an plota muintir Uí Fhloinn agus iad ag streachailt leis an saol. Tá Eithne, máthair an teaghlaigh, ag iarraidh gach rud a choinneáil le chéile ach níl ag éirí léi tar éis gur tháinig sí ar ghiuirléidí drugaí faoi leaba a mic, Eoin. Tá fear céile Eithne, Breandán, ag gníomhú go hamhrasach agus é ag caitheamh níos mó ama taobh amuigh den teach agus cuireann sé seo le strus Eithne chomh maith lena hiníon Sinead a bhfuil suim iomlán caillte aici sa teaghlach..

D’fhoilsigh Comhar an leabhar i 1996 agus rinnead mÓinín é a atfhoilsiú le tacaíocht airgid ó Bhord Na Leabhar Gaeilge. Curtha i gcartlann 2014-04-30 ar an Wayback Machine

I 1998 ainmníodh Gafa ar Churaclam Sinsearach Thuaisceart na hÉireann agus ar Churaclam na hArdteiste ó dheas.

Achoimre ar an bplota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tráthnóna amháin, tá Eithne Uí Fhloinn ag glanadh seomra a mic Eoin, agus faigheann sí sean-tiúb ruibéir, púdar bán i mála glé plaisteach, spúnóg bheag agus píosaí de pháipéar tinsil i sean-stoca faoin leaba. Bíonn béile ag an gclann le chéile agus ní labhraítear saoina bhfuair Eithne faoin leaba. Oíche amháin, tagann Eoin abhaile go déanach agus titeann sé ina chnap ar an urlár le rian na snathaide i lúb uillinne.


Téann Breandán, Eithne agus Eoin chuig comhairleoir ach tá díomá ar Eithne mar níl suim dá laghad ag Eoin ann agus níl Breandán sásta aon bhrú a chur ar a mhac. Beag a bhfuil a fhios ag Eithne go bhfaca Eoin a athair le bhean eile i mbialann san chathair agus tá an t-eolas seo á úsáid aige chun chinntiú go gcuirfeadh Breandán caoga punt in aghaidh na míosa I gcuntas a mhic chun ciúnas Eoin a cheannach.

Tosaíonn Eoin ag tógáil meiteadón ach tá sé thar a bheith drochbhéasach le hEithne agus bristear ar an gcumarsáid idir Eoin agus a mháthair. Bíonn Eoin amuigh i gcónaí le Cillian, agus cuireann sé seo imní ar Eithne mar is é Cillian mac an chógaiseora. Nuair atá siad i gclub oíche oíche amháin tairgeann Cillian obair d’Eoin más mian leis. Níl aon fhíorchumarsáid ag tarlú idir Breandán agus Eithne ach an oiread. Nuair a labhraíonn Eithne le Breandán faoin méid meiteadóin atá á úsáid ag Eoin níl aon suim aige dul agus é a phlé le hEoin.

Tagann uafás ar Bhreandán nuair a fheiceann sé a mhac ar tí é féin a instealladh le hearóin. Tá an sotal agus an t-uaibhreas dulta chun ainchinn agus labhraíonn sé go drochbhéasach lena athair ag rá leis go mbeidh 80 punt ag teastáil uaidh óna athair feasta ma theastaíonn uadh nach scithfí a rún le hEithne

Tar éis na Nollag tá a fhios ag Eithne nach féidir léi brath ar Bhreandán mar athair nó mar fhear céile agus níl aon mhuinín aici in Eoin níos mó. Tá sí ag deireadh na preibe nuair a chuireann sí glaoch ar na gardaí. Tagann siad chuig an teach le barántas cuardaithe do sheomra Eoin.


Níl rún ar bith sa teaghlach tar éis an chaibidil seo. Tá Breandán ina chónaí leis a mháistreas, Amy, agus tá Eoin ina chónaí le Cillian agus níl sé ag labairt lena thuismitheoirí níos mó. Sa chúirt ní ghearrann an breitheamh téarma príosúnachta ar Eoin ach cuireann sí faoi choimirce na cúirte é. Níl Eithne sásta faoi seo.

Le teacht an tsamhraidh tá Eithne ag súil amach le fear nua, tá Amy ag iompar cloinne agus tá Eoin i gceartlár cogadh drugaí idir na príomhbharúin drugaí san chathair. Deir na gardaí le hEithne nach mór teacht ar a ciall nó tá gach seans go bhfaighidh sé bás nó go marófar é.

Tar éis troid mhór i club oíche maraítear Cillian agus é ag tabhairt aghaidh ar mhuintir Uí Bhrádaigh, barúin drugaí agus tá Eoin tógtha acu. Nuair a thagann Eoin chuige féin tá sé ceanngailte do leaba agus tá na Brádaigh á phumpáil le heacstais agus hearóin i ndiaidh a chéile. Tá siad i mbun é a dhúnmharú.

Ar an taobh eile den chathair osclaíonn Eithne an doras, tar éis fuaim tuairte a chloistéail, agus tá sac mór dubh ann agus corp Eoin ann.

Ag an tsochraid ta Breandán le Amy, atá an-torrach, Sinéad agus Eithne. Déanann Carole comhbhróin le hEithne agus cuimhin léi Carole a fheicéail ag teach na cúirte an lá sin.

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eithne Máthair Shinead agus Eoin. Is bean tí í. Tá sí pósta le agus ansin scartha ó Bhreandán. Insítear an chuid is mó den scéal trí pheirspictíocht Eithne

Eoin Mac Bhreandáin agus Eithne. Tá sé gafa le drugaí. Insítear an chuid is mó den scéal trí pheirspictíocht Eoin.

Sinead Iníon Bhreandáin agus Eithne. Cuinn agus an t-aon mhisneach atá ag Eithne nuair a thiteann an tóin as rudaí.

Bhreandáin Athair Shinéad agus Eoin. Is múinteoir scoile é. Tá sé pósta agus ansin scartha ó Eithne. Tá caidreamh suirí ar siúl aige le Amy agus tá Eoin dhá dhúmhál.

Cillian Cara le hEoin. Is mac an chógaiseora é. Tá sé gafa le drugaí agus tá sé ag siúl amach le Carole.

Amy Bhean luí Bhreandáin. Faoi dheireadh an úrscéil tá sí an-torrach le leanbh Bhreandáin. Bean dhathúil í dar le hEithne.

Carole Cailín Chillian í Carole, deirfiúr Johnny The Fix. Cailín álainn í dar le hEoin.

Johnny The Fix Ceannasaí taobh amháin den chogadh drugaí. Barún.

Abhcóide Cosanta Bean gan ainm a chosnaíonn Eoin agus é os comhair na cúirte. Duine cliste í a bhí in ann dallamullóg a chur ar an mbreitheamh.

Triúr deartháireacha Ó Brádaigh Triúr fear gan ainm atá ar an taobh eile den chogadh drugaí. Tá lámh acu i mbás Chillian agus Johnny chomh maith le hEoin.

Mait Fear nua a bhfuil Eithne ag súil amach leis. Difriúil go leor ó Bhreandán.

Bean Mhic Raghaill Máthair Chillian. Tá sí thar a bheith saonta, níl clú dá laghad aici cén saghas gnó ina bhfuil a mhac gafa.

An Brádach Mór An príomhdheartháir, ceannasaí na dtriúr deartháireacha Ó Brádaigh. Is é a maraíonn Eoin sa deireadh.

Hooked[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh an t-úrscéal Gafa go Béarla i 1999 faoin teideal Hooked. Tá 129 leathanach sa leabhar i gcomparáid leis an 139 leathanach atá i Gafa. Tugadh ainmneacha nua do na carachtair agus do na áiteanna ina bhfuil an scéal suite ach is an scéal ceanna atá i gceist.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]