Gadailiniam
| Gadailiniam | |
| Siombail Cheimiceach | Gd |
| Uimhir Adamhach | 64 |
| Meáchan Adamhach | 157.25 g·mol−1 |
| Grúpa, Peiriad | NA, 6, f |
| Dlús | 7.90 g·cm−3 |
| Sraith Cheimiceach | Lantanóidigh |
Is é an gadailiniam dúil uimhir a 64, agus Gd an giorrúchán a fheictear sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na lantanóidigh é. Fuair sé a ainm ón gceimiceoir Fionlannach Johan Gadolin, a raibh an-ról aige i dtaighde ceannródaíoch na miotal tearc-chré. Ba é an ceimiceoir Francach Paul Émile François Lecoq de Boisbaudran ba túisce a d'aonraigh ocsaíd an ghadailiniam ó ocsaídí na lantanóideach eile, thiar sa bhliain 1886, ach ní rabhthas ábalta an miotal féin a aonrú ach le déanaí. Tá an gadailiniam in ann radaíocht neodrón a stopadh go héifeachtach, agus mar sin, úsáidtear mar sainsciath chosanta in aghaidh neodrón é. Úsáidtear gadailiniam san íomháú athshondais mhaighnéadaigh, teicníocht déanta íomhánna a cheadaíonn do na dochtúirí taighde a dhéanamh ar struchtúr inmheánach an choirp gan dul i dtuilleamaí radaíochta.
Is é +III an staid ocsaídiúcháin is dual don ghadailiniam ina chuid comhdhúl. Mar sin, is lantanóideach tipiciúil é.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Gadailiniam |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.