An Fhuláinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fuláinis)
Infotaula de llenguaAn Fhuláinis
Fulfulde agus 𞤆𞤵𞤤𞤢𞤪
Cineálteanga, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais24,000,000 (2007)
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Nígir-Congó
teangacha Atlantach-Congó
Atlantic (en) Aistrigh
Senegambian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, Ajami script (en) Aistrigh agus Adlam (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ff
ISO 639-2ful
ISO 639-3ful
Glottologfula1264
ASCL9245
IETFff

Is teanga í an Fhuláinis a labhraítear go fairsing in Iarthar na hAfraice. Tá sí ó dhúchas ag 24 mhilliún duine, mar a mheastar. Ceann de na teangacha Nígir-Chongócha í a bhaineann le brainse Seineagaimbiach na fine seo, cosúil leis an Volaifis agus an tSeréiris a bhíonn le cloisteáil sa réigiún seo chomh maith. Is iad na Fulánaigh agus na grúpaí eitneacha cosúil leo siúd a labhraíonn ó dhúchas í, ach thairis sin bíonn Fuláinis mar theanga iasachta agus mar ghléas cumarsáide ag na milliúin daoine sna tíortha idir an tSeineagáil, an Ghaimbia, Camarún agus an Ghuine. Ceann de thíortha móra Iarthar na hAfraice í.

Is é an rud is suntasaí faoi ghramadach na Fuláinise ná an idirmhír a chuirtear idir tamhan an fhocail agus an iarmhír ghramadúil. An ról a bhíonn ag na hidirmhíreanna san Fhuláinis tá sé cosúil le ról na réamhfhocal sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Tá na hainmfhocail rangaithe ina n-aicmí, cosúil leis na haicmí sna teangacha Bantúcha, ach tá na haicmí seo i bhfad níos líonmhaire san Fhuláinis ná sna teangacha sin. Tá timpeall ar chúig aicme fichead ann, ach bíonn sé ag brath ar an gcanúint. D'fhéadfá na haicmí seo a chur i gcomparáid le hinscní na dteangacha Ind-Eorpacha, nó cosúil leis an dóigh a bhfuil forainm amháin sa Ghaeilge don bhaininscne () agus forainm eile don firinscne (), baineann a forainm féin le gach aicme den chineál seo.

Bíonn iolra na n-ainmfhocal an-mhírialta san Fhuláinis, agus caithfidh tú an t-iolra a fhoghlaim in éineacht leis an bhfoirm uatha le cuimhne a choinneáil air.

Tá trí fhaí - an fhaí ghníomhach, an fhaí chéasta, agus an fhaí mheánchéasta - ag na briathair san Fhuláinis.

Tá córas claochluithe tosaigh ag an bhFuláinis, cosúil leis an nGaeilge.

Labhraítear an dúrud canúintí éagsúla, agus ainmneacha difriúla orthu: Pulaar a thugtar ar na canúintí iartharacha, agus is é Fulfulde an t-ainm a thugann cainteoirí na gcanúintí oirthearacha ar a dteanga féin. Tá an t-ainm Gaeilge "Fuláinis" bunaithe ar an leagan Béarla Fulani a tháinig ón Hásais nó ón Meindis (nó ó theangacha Mandaecha eile sa réigiún). Peul an téarma Fraincise agus é bunaithe ar an Volaifis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]