Fuilchill bhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFuilchill bhán
Cuid defuil
Aitheantóirí
MeSHD007962
THH2.00.04.1.02001
FMA62852 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/white-blood-cell
Téarmaíocht anatamaíoch


Íomhá ó leictreonmhicreascóp scanacháin d'fhuil normálta an duine. Chomh maith leis na leocaicítí le cruth neamhrialta, tá pláitíní agus fuilchealla dearga le feiscint ann.

Is éard is fuilchealla bána (FCB), fuilchoirpíní bánaleocaicítí ann ná cealla an chórais imdhíonachta a mbíonn baint acu leis an gcolainn a chosaint i gcoinne na ngalar tógálach agus earraí coimthíocha. Tá cúig chineál leocaicíte difriúil agus éagsúil ann, ach díorthaíonn siad ar fad ó chill ilchumhachtach sa smior, ar a dtugtar an ghaschill fhuilghinte. Bíonn leocaicítí le fáil ar fud na colainne, lena n-áirítear an córas fola agus limfeach.

Is minic a bhíonn líon na bhfuilcheall bán ina tháscaire ghalair. De ghnáth, bíonn idir 4 × 109 agus 1.1 × 1,010 fuilchill bhán i lítear fola, sé sin thart ar 1% de fhuil i nduine fásta sláintiúil. Glaoitear leocaicíteóis ar mhéadú ar líon na leocaicít thar na n-uasteorainneacha, agus tugtar leocaipéine ar laghdú faoi bhun an teorainn is ísle. Féadfaidh airíonna fisiceacha na leocaicít a bheith athruithe, mar shampla toirt, seoltacht, agus gráinneacht de bharr ghníomhachtaithe, de réir ceall neamhaibí bheith i láthair, nó i gcás na leoicéime leocaicítí urchóideacha a bheith ann.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-ainm "fuilchill bhán" díorthaithe as an bhfíric go bhfuil, i ndiaidh na fola a bheith lártheifneoirithe, fuilchealla bána le fáil sa bhuíchóta (Béarla: buffy coat), sraith bhán thanaí, de chealla núicléatacha, de ghnáth, idir na fuilchealla dearga deascaithe agus an fuilphlasma. Léiríonn an téarma eolaíochta leocaicít an cur síos seo go díreach, díorthaithe ón nGréigis Ársa λευκό (bán), agus κύτταρο (cill). Uaireanta, is féidir dath glas a bheith ar an bhfuilphlasma más amhlaidh go raibh a lán neodraifilí sa sampla, mar gheall ar an einsím mialósárocsaíodáis a tháirgeann siad, ina mbíonn haem ann.

Na Leocaicítí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn trí chineál éagsúil fuilcheall ar fuaidreamh sa phlasma; na gránalaicítí, na limficítí agus na monaicítí. Ainmníodh na gránalaicítí roimhe seo leis an téarma "polanúicléach" mar gheall ar an gcuma a bhí orthu faoin micreascóp solais, go raibh níos mó ná núicléas amháin acu. I ndáiríre ní raibh ach núicléas maothánach amháin iontu, ceangailte le droichid tanaí de chrómaitin.

Tíopa Íomhá Léaráid neas-% i ndaoine fásta Cur Síos
  Gránalaicít  
  Neodraifil 40 go 75% Bíonn neodraifilí freagrach as cosaint a thabhairt i gcoinne ionfhabhtuithe baictéaracha agus próisis athlastacha beaga eile. I gcoitinne, tugann siad chéad fhreagra an choirp ar ionfhabhtuithe baictéaracha. Táirgeann a ngníomhaíochta agus a bháis raon leathan bracha.
Eoisinifil 1 go 5% Téann na heoisinifilí i ngleic go príomha le hionfhabhtuithe seadánacha.
Basaifil Níos lú ná 1% Bíonn na basaifilí bainteach le freagairtí ailléirgeacha agus athlasadh trí hiostaimín a scaoileadh.
Limficít  
  Limficít B 25 go 40% Táirgeann cealla B antasubstaintí a cheanglaíonn le hantaiginí ar phataiginí le hiad a scriosadh tríd coimpléasc imdhíonachta a fhoirmiú. Tar éis na ruaige, is féidir le roinnt cealla an cumas a choinneáil chun an antasubstaint a tháirgeadh.
Limficít T Tá cineálacha éagsúla Limficítí T ann :
  • Comhordaíonn na Limficítí T cuidiúla an freagra imdhíonachta (bíonn siad easnamhacha i gcás ionfhabhtú VEID) agus tá siad ríthábhachtach sa chosaint in aghaidh baictéar incheallach.
  • Tá na Limficítí T in ann deireadh a chur leis na cealla i gcorp an duine a sheolann comhartha a léiríonn gur gá iad a ndiúscairt, mar shampla i gcás ionfhabhtú víreas, nó ailse.
  • Rialaíonn na T-cealla rialála an imdhíonacht a ghníomhaíonn i gcoinne frithghníomhuithe uath-imdhíonachta.
  • Bíonn gabhdóir malartach ag na limficítí γδ atá difrúil ó na limficítí T cuidiúla agus na limficítí cíteatocsaineacha αβ agus comhroinneann siad saintréithe le Limficítí T cuidiúla, limficítí cíteatocsaineacha agus cealla marfacha.
Limficít NK

Is cineál de limficítí cíteatocsaineacha iad na cealla nádúrtha marfacha (nó cealla NK) a chomhdhéanann cuid mhór den chóras dúchasach imdhíonachta. Imríonn na cealla NK ról mór i siadaí agus cealla ionfhabhtaithe le víris a dhiúltiú. Maraíonn siad cealla trí ghráinníní beaga cíteaplasmacha a scaoileadh, ina bhfuil próitéiní ar a dtugtar 'perforin' agus 'gransím', agus is iad is cúis le bás na sprioc-chille trí apaptóis (cillbhás cláraithe).

monaicít  
  Monaicít 2 go 10% Téann na Monaicítí ar imirce ó shruth na fola go dtí fíocháin eile agus idirdhealaíonn siad ina macrafagaigh

a chónaíonn sna fíocháin, is iad sin na cealla Kupffer san ae.

Macrafagach (voir plus loin) Tugtar macrafagaigh ar na monaicítí tar éis dóibh imeacht ó shruth na fola isteach sna fíocháin.