Fothimthriallta i bhfithis, claonadh agus luainíocht an Domhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athrú tréimhsiúil i bhfithis an Domhain, claonadh a aise, agus a rothlaithe. Measann eolaithe go mbíonn tionchar ag na timthriallta seo ar an gcóras farraige/atmaisféir a stiúrann aeráid an Domhain. Go baileach, meastar go gcuireann na timthriallta seo go mór le tús is deireadh oighearaoiseanna. Tá tréimhsí 26,000 bliain ag an luainíocht i gclaonadh na haise, timpeall 41,000 míle bliain i gclaonadh na haise, agus timpeall 100,000 bliain i gcruth éilipteach na fithise. Trí na huillinneacha ag a dtagann radaíocht ón nGrian agus na faid idir an Ghrian is dromchla an Domhain a athrú, is amhlaidh a chreideann na heolaithe go stiúrann na timthriallta seo, a luíonn anuas ar a chéile, téamh is fuarú fadtréimhseach an Domhain, agus teacht chun cinn is cúlú na n-oighearshruthanna is na n-oighearaoiseanna.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fothimthriallta i bhfithis, claonadh agus luainíocht an Domhain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.