Fluairiseacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Astú solais infheicthe ó dhromchla ábhair ar a dtugtar fosfar, tar éis don dromchla céanna a bheith imbhuailte ag radaíocht leictreamaighnéadach dhofheicthe eile le tonnfhaid níos lú, mar radaíocht ultraivialaitX-ghathanna. Braitheann dath nó tonnfhad an tsolais infheicthe ar an bhfosfar, agus is féidir fosfar a roghnú chun aon dath is mian a chruthú. I ngnáthlampa fluairiseach, bíonn feadán gloine lán de ghal mearcair, agus an taobh istigh den ghloine clúdaithe le fosfar fluairiseach. Bíonn leictreoidí ag dhá cheann an fheadáin, agus nuair a chuirtear dóthain voltais idir na leictreoidí, ianaítear an ghal, rud a chruthaíonn radaíocht ultraivialait. Ansin nuair a imbhuaileann an radaíocht seo an fosfar, aisradaítear solas infheicthe uaidh sin. Tá lampa fluairiseach an-éifeachtach, beagnach 4 oiread níos éifeachtaí ná an gnáthlampa gealbhruthach: is é sin le rá go bhfaightear an oiread céanna lúman as lampa fluairiseach 40 W is a fhaightear as lampa gealbhruthach 150 W.