Flaith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I stair na nGael, tugadh go ginearálta an teideal flaith,[1] ar ball éigin de theaghlach cumhachtach a raibh ardcheannas aige nó aici. Níor cuireadh an focal i leith chéime áirithe amhail is , agus d'fhorbair an téarma le míniú d'aon uaslathaí oidhreachta ar bith a bhí faoi cheannas an rí.

Comhartha le haghaidh Tuama Cúirte Currach Chluana i dtuaisceart Chontae Liatroma, de réir seanchais áitiúil suíomh adhlactha (feart) Conaill, flaith. Tugtar aistriúchán Béarla "Prince" ar an bhfocal flaith

Séard a bhíodh i gceist le flaith ná deartháir, nia nó gaol eile an rí; taoiseach clainne sóisearaí den mhuintir ríogacht; nó ball de theaghlach mhór eile i seirbhís éigin an rí.

De réir a chéile, tógadh an focal mar chuid d'ainmneacha pearsanta agus sloinne, mar shampla an rítheaghlach Uí Fhlaithbheartaigh. Cuireadh é leis an bhfocal chun Flaithrí a chruthú, mar shampla Flaithrí mac Domnaill, rí Chonnacht.

Deirtear banfhlaith chun bheith cruinn gur bean atá i gceist, ach tuigtear gur baineann iad na hainmneacha pearsanta amhail is Gormflaith agus Órflaith, gan an réamhmhír bhaininscneach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. flaith ar eDIL