Flóra na hAstráile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coillte eoclaipe in Victoria, an Astráil.

Is mór ar fad an méid spéiceas a bhaineann le flóra na hAstráile - os cionn 20,000 planda soithíoch, 14,000 planda neamhshoithíoch, 250,000 spéiceas d'fhungas agus 3,000 léicean. Is mór an chosúlacht atá idir an flóra seo agus flóra Ghondwana[1] Fásra an-logánta atá i gceist, cé go mbaineann siad le finte forleathana, agus tá baint ag a n-éagsúlacht leis an ngluaiseacht ilchríochach agus leis an athrú aeráide ón Tréimhse Chailceach i leith. D'fhág an tuire agus an tine rian ar leith ar an bhflóra seo, rud is léir óna bhfuil ann de chrainn scléireadhuilleacha[2] agus a bhfuil a lorg le haithint ar fhinte móra ar nós Proteaceae (Banksia), Myrtaceae (Eoclaip - crainn ghuma), and Fabaceae (Acaicia - caolacháin).

Is mór a d'athraigh an flóra de bharr theacht na mBundúchasach os cionn 40,000 bliain ó shin agus de bharr lonnú na nEorpach sa tír ón mbliain 1788 i leith. D'athraigh dáileadh na speiceas go mór le himeacht aimsire de bharr úsáid an dóiteáin ag na Bundúchasaigh: i mBéarla tugtar ‘firestick farming’ (saothrú dóiteáin) air seo. Ar theacht na nEorpach rinneadh mórathrú ar an bhfásra de bharr na feirmeoireachta nó spré na gcathracha, rud a d’fhág dealramh nua ar a lán éiceachóras agus ba chúis le 61 speiceas de phlandaí a dhíothú agus breis is míle eile a chur i mbaol.

Na hilchríocha ag dealú ó chéile

An Tús[athraigh | edit source]

Gondvana ag teacht le chéile 550 milliún bliain ó shin.

Bhain an Astráil leis an tsár-ilchríoch Gondvana. Tháinig sí sin le chéile 550-500 milliún bliain ó shin agus thosaigh ag dealú ó chéile timpeall 167 milliún bliain ó shin, nuair a bhí Gondwana Thoir (an Antartaice, Madagascar, an India agus an Astráil) ag scaradh ón Afraic. Thosaigh ilchríoch na hAstráile-Nua-Ghuine ag dul ó thuaidh léi féin timpeall 55 milliún bliain ó shin, agus timpeall 15 milliún bliain ó shin tháinig an Nua-Ghuine (ar imeall tosaigh an Phláta Astrálaigh) agus an chuid thiar theas den Phláta Ciúin-Aigéanach salach ar a chéile, rud a thóg ardáin na Nua-Ghuine agus ba chúis leis an bhfearthainnscáth a thriomaigh an Astráil.

Thosaigh an chuid is mó de fhlóra na hAstráile ag fás sa Tréimhse Chailceach nuair a bhí an Astráil faoi fhoraois fo-thrópaiceach bháistí. Is dealraitheach an raithneach agus na plandaí gimnispeirmeacha[3] le bunphlandaí Ghondvana,[4] agus bhí plandaí suntasacha aingispeirmeacha[5] le fáil san Astráil freisin, Nothofagus, Myrtaceae, Proteaceae agus a leithéidí. [6]

Meastar gur le Gondwana a bhaineann coillte báistí na Tasmáine.

Thosaigh Gondvana ag dealú ó chéile timpeall 140 milliún bliain ó shin. 50 milliún bliain ó shin, sa Tréimhse Olaigicéineach, scar an Astráil ón Antartach. Bhí an Astráil sách scoite amach nó gur tháinig an pláta Ind-Astrálach salach ar an Áise 5.3 milliún bliain ó shin sa Tréimhse Mhéicéineach. Agus an Astráil sa siúl d'fhág an t-athrú aeráide a rian uirthi: thosaigh an sruth tim-mholach, tháinig méadú ar an imshruthlú atmaisféarach agus laghdú ar an mbáisteach, agus d'éirigh an tír níos teo agus níos tuire. [7] Tháinig flóra níos casta as seo; ó 25 mhilliún go 10 milliún bliain ó shin, más fíor d'iarsmaí an phailin, spréigh spéicis ar nós Eucalyptus, Casuarina, Allocasuarina, Banksia agus na bpischineálach bláthach; thosaigh coillte arda ag fás agus bhí machairí féir ann ón Tréimhse Eoicéineach amach. Nuair a tháinig an ilchríoch salach ar an bpláta Eoráiseach tháinig Lepidium, Chenopodioideae agus plandaí eile isteach ó oirdheisceart na hÁise agus ó áiteanna eile.[8]

Scrobarnach le Xanthorrhoea tar éis tine choille.

Tháinig cuma ar leith ar an bhfásra de thoradh na tuire agus seanithreacha gan mórán cothú iontu. Tá gá le cúitíneach crua ar na duilleoga agus le fosúchán carbóin le cailleadh uisce a bhacadh i rith na fótaisintéise, agus baineann na tréithe úd le speicis chotailéadónacha agus dhéchotailéadónacha faoi seach.[9] Tharla tinte níos minice de bharr na tuire, agus meastar gur bhain an méid seo le fás agus le dáileadh an fhásra tinedhíonaigh ón Tréimhse Dhéanach Phléisticéineach amach. Mhéadaigh an méid fioghuail san fhosú tuairim is 38,000 bliain ó shin, rud a tharla ar aon am le háitriú na mBundúchasach sa tír agus a chuireann in iúl go raibh baint mhór ag an dóiteán daonna le fás na gcoillte scléaradhuilleacha, go háirithe ar chósta thoir na tíre.[10]

Tá an t-oiriúnú sin don tine le feiceáil sna lignithiúbair agus sna bachlóga eipeachormacha[11] i speicis den chineál Eucalyptus agus Banksia, oiriúnú a ligeann athfhás tapa tar éis tine. Déanann aicmí áirithe síolta a scaoileadh de bharr teasa nó deataigh. Ní bhláthaíonn féarchrainn den chineál Xanthorrhoea agus magairlíní éigin ach tar éis tine.[12]

Cineálacha fásra[athraigh | edit source]

Bánta tortógacha: Triodia pungens na tortóga glasa agus Triodia basedowii na tortóga gorma.

Is féidir cúig aicme fásra a dhéanamh de fhlóra domhanda na tíre. Is éard is mó atá le cur san áireamh an méid báistí atá ann agus airde na teochta, rudaí a rialaíonn soláthar an uisce. [13] Rinneadh a lán scéimeanna luibheolaíocha agus cuid acu casta go leor. An Natural Heritage Trust a rinne an rangú is déanaí, rangú a bhfuil tríocha móraicme fásra ann agus seacht bhfo-aicme mhóra. [14]

De réir na scéime seo, is iad na cineálacha fásra is coitianta na cinn atá oiriúnach don talamh tur nár fhág daoine lorg a láimhe air, talamh a bheadh á ghlanadh le haghaidh feirmeoireachta nó eile. Is é an fásra is forleithne na bánta tortógacha atá le fáil go minic i gcríocha tura na hAstráile Thiar, na hAstráile Theas agus sna Críocha Thuaidh (Northern Territory). Is ann atá 23% den fhásra dúchasach le fáil agus baint ag an gcuid is mó de leis an ngéineas Triodia. Tá Zygochloa le fáil i limistéir ghaineamhacha intíre ar nós Fhásach Simpson.

Tá 39% den fhásra dúchasach mar a leanas:

  • Coillte eoclaipe atá le fáil idir na bánta tortógacha agus limistéir níos báistiúla nach bhfuil fliuch go leor chun go bhfásfadh crainn go tiubh ann; b’fhéidir go mbeadh féar nó scrobarnach ag fás ann faoi bhun na gcrann. Is é an speiceas is coitianta Eucalyptus camaldulensis agus é le fáil feadh an chuid is mó de na haibhneacha agus na sruthanna intíre, go háirithe in Queensland.
  • Foraoiseacha agus coillearnach acaicia i limistéir leath-thura na gcrann cranda. Bíonn speicis áirithe i dtreis in áiteanna áirithe, agus orthu sin tá lansach, beindí, mulga, gidsí and buragal. San Astráil Thiar atá an limistéar is mó.
  • Scrobarnach acaicia i limistéir thura agus leath-thura. Scrobarnach mhulga an saghas is coitianta, go háirithe san Astráil Thiar.
  • Bánta féir i limistéir leath-thura agus i gcuid limistéar measartha, agus a lán saghsanna féir ag fás ann. In Queensland is mó atá siad le fáil.

Fásann scrobarnach choise gé[15], toir shaimfíreacha[16] agus lusbhánta[17] go forleathan i limistéir leath-inbhearacha, thura agus leath-thura. Tá scrobarnach choise gé fulangach ar thriomach agus ar shalann, agus ina measc tá na géinis Sclerolaena, Atriplex, Maireana, Chenopodium and Rhagodia. Ar na plandaí saimfíreacha tá Tecticornia‏, Salicornia, Sclerostegia agus Sarcocornia. Tá limistéir mhóra den saghas seo le fáil san Astráil Theas agus san Astráil Thiar.

Ar na haicmí eile tá coillte báistí, muiní féithleog, coillte arda, coillte casuairíneacha, coilltearnach agus fraochach.

Plandaí soithíocha[athraigh | edit source]

Tugadh cuntas ar bhreis is 20,000 plandaí soithíocha san Astráil. Orthu sin tá aingispeirmeacha, plandaí síolacha neamhaingispeirmeacha (ar nós na gcóiniféar agus na gcíocáidí), raithneach sp rach agus plandaí ar cosúil le raithneach iad.[18] Tugadh timpeall 11% díobh seo chun cineáil, agus tá an chuid eile dúchasach nó coitianta.[19][20]

Aingispeirmigh[athraigh | edit source]

Na finte aingispeirmeacha is mó san Astráil
Fine  % den fhlóra uile1 Géinis nótáilte
Fabaceae 12.0 Acacia, Daviesia, Glycine
Myrtaceae 9.3 Corymbia, Eucalyptus, Melaleuca, Leptospermum
Asteraceae 8.0 Goodenia, Olearia
Poaceae 6.5 Triodia
Proteaceae 5.6 Banksia, Hakea, Grevillea
Cyperaceae 3.3 Cyperus
Orchidaceae 3.0 Caladenia, Pterostylis
Ericaceae 2.1 Leucopogon, Epacris
Euphorbiaceae 2.0 Ricinocarpos
Rutaceae 1.8 Boronia, Correa, Citrus
1De réir uimhir iomlán na spéiceas

Sonraí de chuid Orchard agus iad athraithe de réir rangú AGPII. Tá "fabaceae" áirithe mar mimosaceae agus "asteraceae" mar goodeniaceae.

Is iomaí aonchotailéadón[21] i measc fhlóra na hAstráile. Is iad na Poaceae an fhine is forleithne, agus idir bhambú Bambusa arnhemica agus fhéar dealgach na hintíre tuire (‘spinifex’ an Bhéarla), de chuid na ngéineas Triodia agus Plectrachne, ag baint léi. Tugadh cuntas ar os cionn 800 speiceas de mhagairlíní san Astráil.[22] Tá timpeall an ceathrú cuid díobh seo ina n-eipifítí: [23] iad le fáil feadh an chósta thoir agus sa Tasmáin, agus gan fáil orthu san Astráil Theas ná san Astráil Thiar. Tá na magairlíní domhanda le fáil sa chuid is mó den tír, agus tá a bhformhór inlomtha: feonn a mbarr sa séasúr tirim agus fásann siad arís ó thiúbar le linn na báistí.

Tá finte eile ann: féar cnaipí na sléibhte Tasmánacha a bhaineann leis na Cyperaceae agus a fhásann ina dhosóga; an géineas Patersonia, féar seileastramach a bhaineann leis na hIridaceae; agus crúba cangarú den fhine Haemodoraceae. Aonchoitiléadóin mhóra eile is ea na féarchrainn a bhaineann leis na Xanthorrhoea, pandanais de chuid na fine Pandanaceae agus crainn phailme de chuid na fine Arecaceae. Tá timpeall 57 gcrann pailme dhúchasacha ann, agus gan teacht ar 79% díobh ach san Astráil amháin.[24] Rud neamhchoitianta is ea Livistonia i measc ghéinis na gcrann pailme san Astráil: ní i gcríocha trópaiceacha atá Livistonia le fáil, ach i gcoillte arda agus in altáin.

Tá na déchotailéadóin ar an ngrúpa d’aingispeirmigh is mó éagsúlacht. Baineann na speicis Astrálacha is iomráití le trí fhine mhóra ilghnéitheacha: na Fabaceae, na Mytaceae agus na Proteaceae. Tá a lán speiceas adhmadach ag gabháil leis na Myrtaceae: crainn ghuma de chuid na ngéineas Eucalyptus, Corymbia agus Angophora, Lilipilithe (SyzygiumLillipillies an Bhéarla), Melaleuca (crann atá dúilmhear in uisce), Bottlebrush, Darwinia tomógach, Leptospermum nó crann tae, agus céirchrann Geraldton.

Ar na Proteaceae tá an Banksia, an varata (waratah an Bhéarla)[25] agus an macadaimia (an t-aon bharr dúchasach tráchtála amháin a shaothraítear san Astráil). Tá na trí fho-fhinte phiseánacha ann - Caesalpinioideae, Faboideae agus Mimosoideae; baineann an géineas mór Acacia leis an bhfine dheireanach úd.

Neamhaingispeirmigh[athraigh | edit source]

I measc neamhaingispeirmigh phóracha na hAstráile tá cíocáidí agus buircínigh. Tá 69 speiceas de chíocáidí ann, iad go léir eindéimeach agus baint acu le ceithre ghéineas agus trí fhine. I gcoillte oirthear agus thuaisceart na hAstráile is mó atá siad le fáil, agus roinnt bheag in iardheisceart na hAstráile Thiar agus i lár na tíre. Tá 43 speiceas de ghiúiseanna ann, baint acu le ceithre ghéineas déag agus trí fhine, agus 39 cinn acu ina spéicis eindéimeacha. Tá a bhformhór le fáil ar shléibhte taise atá cosúil le Gondwana, agus orthu sin tá na géinis Athrotaxis, Actinostrobus, Microcachrys, Microstrobos, Diselma agus giúis Huon na Tasmáine, an t-aon bhall amháin den ghéineas Lagarostrobos.

Eisceacht is ea Callitris sa mhéid gur i gcoillte arda tirime is mó atá speicis den ghéineas sin le fáil.[26] Is í an ghiúis Wollemi, iontaise bheo, an buircíneach is déanaí a aimsíodh, agus sa bhliain 1994 ba thúisce a tugadh cuntas uirthi.

Ar na plandaí póracha soithíocha tá raithneacha agus plandaí atá gaolmhar leo. Tá an raithneach le fáil sa chuid is mó den tír, go háirithe i limistéir bháistiúla thrópaiceacha agus fhothrópaiceacha. San Astráil tá 30 fine de raithneach dhúchasach, iad roinnte ina 103 ghéineas agus ina 300 speiceas, agus deich speiceas eile atá á n-eadóirsiú. Ar na plandaí raithneachúla tá 44 spéiceas dhúchasacha de Psilotophyta, d'eireabaill capaill agus de Lycopodiophyta.

Is fearr le raithneach áit fhionnuar thais, mar nach féidir léi síolrú gan uisce. Sna coillte, mar sin, atá formhór na speiceas Astrálach le fáil, agus orthu siúd tá cinn uiscí, cinn eipifíteacha[27] (Platycerium, Huperzia agus Asplenium), agus cinn dhomhanda ar nós raithneacha móra craobhacha de na géinis Cyathea agus Dicksonia.

Plandaí Neamhshoithíocha[athraigh | edit source]

Grúpa mór ilchineálach d'orgánaigh fhótaisíntéiseacha is ea na halgaí. Faoi láthair síltear go bhfuil idir 10,000 agus 12,000 spéiceas san Astráil.[28] Is míchothrom an t-eolas atá orthu. Is beag taighde a rinneadh ar fheamainn agus ar fhiteaplanctón muirí, is fánach an cuntas a tugadh ar algaí fionnuisce, agus is mór an fhaillí a rinneadh in algaí domhanda. [29]

Tá caonaigh, aelusanna agus cornlaigh ann - plandaí bunaidh atá le fáil san trópaicí, sna réigiúin measartha fionnuara agus ar na sléibhte; agus tá cinn speisialaithe ann atá le fáil i limistéir thura agus leath-thura. Tá beagán níos lú ná míle speiceas aitheanta de chaonaigh san Astráil. Is iad na cúig ghéineas is mó Fissidens, Bryum, Campylopus, Macromitrium agus Andreaea.[30] Tá breis is 800 spéiceas d'aelusanna agus de chornaigh ann. [31]

Fungais[athraigh | edit source]

Is dócha go bhfuil timpeall 250,000 speiceas d'fhungais ann ach níor tugadh cuntas ach ar thimpeall 5% acu. Is beag eolas atá againn ar a ndáileadh, ar a substráití ná ar a ngnáthóga, lasmuigh de phataiginí coiteanna. [32]

Lusanna Liag[athraigh | edit source]

Is orgánaigh ilchodacha lusannna liag, agus fungas den aicme Ascomycetes agus alga glas aoncheallach is ea a bhformhór. 3,238 speiceas agus 422 ghéineas a bhfuil 34% acu áirithe mar chinn eindéimeacha atá le fáil san Astráil agus ina cuid críoch - Oileán na Nollag, Oileán Heard, Oileán Mhic Guaire agus Oileán Norfolk. [33]

Úsáid Dhaonna[athraigh | edit source]

Speicis d'Acacia agus de Synaphea ba ea na chéad phlandaí Astrálacha a rangaíodh de réir na tacsomaíochta Lionnaeí, agus iad ainmnithe mar Adiantum truncatum agus mar Polypodium spinulosum faoi seach ag Pieter Óg Burman, focleolaí a dúirt gur le Iáva a bhain siad. Fuarthas amach ina dhiaidh gur leis an Astráil Thiar a bhain siad, agus iad bailithe ag Willem de Vlamingh, b'fhéidir, láimh le hAbhainn na nEalaí sa bhliain 1697.[34] Tháinig James Cook ag taiscéalaíocht sa bhliain 1770, agus fuair Joseph Banks, Daniel Solander agus nádúraithe eile faill le hobair a dhéanamh dá bharr. B'fhusa taiscéalaíocht luibheolaíoch a dhéanamh tar éis coilíneacht a bhunú ag Port Jackson sa bhliain 1788 agus taighde a dhéanamh feadh an chósta.

A three-masted sailing ship crossing a bay
Macasamhail den Endeavour, long James Cook.

Bhain Bundúchasaigh na hAstráile tairbhe as na céadta speiceas le haghaidh bia, leighis, dídine, uirlisí agus arm. Mar shampla, bhaintí feidhm as préamhacha Clematis microphylla in iarthar Victoria chun taos a dhéanamh, agus chuirtí na duilleoga mar cheirín le spuaiceanna.[35]

Iarsmaí an choilínithe[athraigh | edit source]

Is é an úsáid is mó a bhain na coilínigh as an bhflóra na coillte a leagan. Baintear feidhm as a lán saghsanna eoclaipe le haghaidh páipéir agus adhmaid, ar nós giúis huon, giúis fhonsaí, giúis chéaprais. Faightear adhmad ón gcrann guma dubhadhmaid agus ó gcrann santail (Santalum spicatum agus S. lanceolatum).

Baineann grásaeirí tairbhe as plandaí dúchasacha. Orthu sin tá féar an Mhistéalaigh, tor salainn, tor gorm, féar valbaí, féar rinnghéar, féar dosógach agus féar cangarú.

Lile Gymea i bPáirc Náisiúnta Heathcote National Park i Sydney.

Úsáid i gcúrsaí gnó[athraigh | edit source]

Go dtí le déanaí ní raibh á saothrú ach an cnó macadamach agus an spionáiste mara. Thosaigh siad ag saothrú macadamia san Astráil sna 1880í, ach in Hawai is mó a bhí na barra ag an am[36][37] Sna 1970í tháinig méadú ar an méid barra dúchasacha bia a bhí ar díol, agus bhí a lán acu le fáil i dtithe itheacháin agus ó mhórdhíoltóirí: caolacháin (wattles) lena gcuid síolta inite; pluma Davidson, teile fhásaigh, teile mhéire, cuandang (quandong), caor spíosrach (riberry), pluma Kakadu, muntries, tráta fiáin, pluma Illawarra; piobar sléibhe.

Tá tairbhe le baint as plandaí Astrálacha i ngnóthaí cógaisíochta. Tugann speicis de Duboisia scópalaimín agus hióisciaimín uathu, agus tá sólasóidín le fáil ó Solanum aviculare agus S. laciniatum. Tá tairbhe le baint as ola Melaleuca, Callitris, Prostanthera, Eucalyptus agus Eremophila.

Caomhnú[athraigh | edit source]

Rinne idir Bhundúchasaigh agus Eorpaigh athrú mór ar dháileadh an fhlóra, agus tháinig an chuid is mó agus is gasta den athrú i ndiaidh na bliana 1788. Choisc díbirt na mBundúchasach úsáid an dóiteáin mar a bhí sé á gcleachtadh leis na mílte bliain; tá comhdhéanamh na gcoillte athraithe ag an bhforaoiseacht; tá bogaigh líonta. Glanadh leathantas mór talún le haghaidh barr, innilte agus bruachbhailte, agus is é an toradh a bhí air sin an fásra a scrios, gnáthóga a mhilleadh, bithéagsúlacht a laghdú, dlús a chur le salannú, agus cothaitheach agus dríodar a fhágáil sna haibhneacha.[38]

Is beag rud is baolaí d’éacachórais íogaire ná spré na speiceas ionrach. Tá fiche speiceas nua plandaí fógartha mar chontúirt náisiúnta.[39] Tá a fhios go bhfuil os cionn seasca speiceas plandaí imithe in éag ó tháinig na hEorpaigh, agus meastar go bhfuil 1,239 spéiceas eile i mbaol.[40]

Tá limistéir chosanta le fáil anois i ngach stát agus sna críocha ar son na n-éiceachóras. Ina measc tá páirceanna náisiúnta, ceithre bhogach is seasca a cláraíodh de réir Choinbhinsiún Ramsar agus sé Láithreán déag Oidhreachta Domhanda. Sa bhliain 2002 bhí 10.8% (774,619.51 cm²) á gcosaint ar an dóigh seo.[41] D’aimsigh Coiste Eolaíoch na Spéiceas aTá i mBaol cúig áit déag atá i gontúirt mhór. Tá cúig éiceachóras shainiúla is ochtó ann de réir rangú Réigiúnú Sealadach Bith-Thíreolaioch na hAstráile, agus táthar ag iarraidh iad a chosaint de réir Phlean Gníomhaíochta na Bithéagsúlachta (Biodiversity Action Plan).[42][43]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. D'ainmnigh Eduard Suess ilchríoch Ghondvana as réigiún i dtuaisceart na hIndia, ó "vana" (coill) agus "Gond" (muintir áirithe) na Sainscritise. Tugtar an t-ainm céanna ar sheichimh dhríodair de chuid na Tréimhse Peirmeach-Thriasaí. Ilchríoch ársa í Gondvana a raibh an India, an Astráil, an Antartaice, Meiriceá Theas agus cuid den Afraic ag baint léi.
  2. Duilleoga crua orthu a bhacann éalú an uisce. Ó sklērós (crua) na Gréigise.
  3. Gimnispeirmeach - 'síolta nochta,' ó gymnóspermos na Gréigise.
  4. Page, C. N. and Clifford, H. T. 1981. 'Ecological biogeography of Australian conifers and ferns.' In A. Keast Ecological Biogeography of Australia. W. Junk
  5. Aingispeirm: planda síolach, ubhóirí sna síollanna aige, agus na torthaí ag eascairt ó na síollanna úd. Aingi- ó angeion (soitheach) na Gréigise.
  6. Dettmann, M. E. and Jarzen, D. M. 1990. 'The Antarctic/Australian rift valley: Late Cretaceous cradle of Northeastern Australasian relicts?' Review of Palaeobotany and Palynology 65:131-144.
  7. Bowler, J. M. 1982. 'Age, origin and landform expression of aridity in Australia.' In W. R. Barker, P. J. M. Greensdale. Evolution of the Flora and Fauna of Australia. Australian Systematic Botany Society ISBN 0-909209-62-6
  8. Crisp, M. et al. 2004. 'Radiation of the Australian flora: what can comparisons of molecular phylogenies across multiple taxa tell us about the evolution of diversity in present-day communities?' Philosophical Transactions of the Royal Society of London. Series B - Biological Sciences 359: 1551-1571
  9. Déanann an focal cotailéadón tagairt don bhunduilleog i suth na bplandaí síolacha. Ó kotylēdon (log) na Gréigise.
  10. Singh, G. et al. 1981. 'Quaternary vegetation and fire history in Australia.' In A. M. Gill, R. A. Groves and I. R. Nobel. Fire and the Australian Biota. Australian Academy of Science, 23-54
  11. Tagann eipeachormach ó epi (amuigh) agus kormós (stoc teasctha crainn) i nGréigis.
  12. Gill, A. M. 1981. 'Adaptive responses of Australian vascular plant species to fire.' In A. M. Gill, R. H. Groves, and I. R. Noble. eds. Fire and the Australian Biota. Australian Academy of Science
  13. Groves, R. H. 1999. Present vegetation types. In A. E. Orchard, ed. Flora of Australia - Volume 1, 2nd edition pp 369-401. ABRS/CSIRO
  14. Natural Heritage Trust. 2001. Australia's native vegetation : a summary of the National Land and Water Resources Audit's Australian vegetation assessment 2001. National Land and Water Resources Audit ISBN 0-642-37128-8. Rinneadh leagan na bliana 2001 a nuashonrú sa bhliain 2006.
  15. Féach lus coise géchenopodium, ó khēn (gé) + pous (cos) na Gréigise.
  16. Féach samphire an Bhéarla, plandaí umbalacha a bhfuil duilleoga méithe dealaithe orthu.
  17. Féach forblands an Bhéarla, ó phorbē (bia) na Gréigise, ó pherbein (bheith ar féarach). Déantar tagairt anseo d’aon phlanda lusach nach féar é.
  18. Orchard, A. E. 1999. Introduction. In A. E. Orchard, ed. Flora of Australia - Volume 1, 2nd edition pp 1-9. ABRS/CSIRO
  19. Hnatiuk, R.J. 1990. Census of Australian Vascular Plants. AGPS ISBN 0-644-11606-4
  20. Australian Biological Resources Study. Flora of Australia Online – An méid atá foilsithe agus ar fáil ar líne, le scríbhneoirí agus dátaí foilsithe
  21. Plandaí a bhfuil aon chotailéadón (duilleog síl) amháin acu. Ó kotelēdōn na Gréigise (kotulē = cupán nó log).
  22. Nesbitt, L. 1997. Australia's Native Orchids. Association of Societies for Growing Australian Plants
  23. Plandaí a fhásann ar phlandaí eile ach nach mbaineann cothú astu: ó epi- (ar) agus phusis (fás) na Gréigise)
  24. Jones, D. 1984. Palms in Australia. Reed Books ISBN 0-7301-0007-3
  25. Ón bhfocal warata sa teanga Bhundúchasach Dharug.
  26. Flora of Australia Volume 48—Ferns, Gymnosperms and Allied Groups, 1998. Australian Biological Resources Study/CSIRO Publishing ISBN 0-643-05972-5
  27. Eipifíteach ó Ghréigis: epi - 'ar,' 'do,' 'os cionn,' 'le hais,' 'i ndiaidh,' 'i dteannta'; phytón - 'fás,' 'planda'. The Macquarie Dictionary [1]
  28. Australian Biological Resources Study. Algae of Australia
  29. Entwisle T.J., agus Huisman J. 1998. 'Algal systematics in Australia,' Australian Systematic Botany 11:203-214
  30. Klazenga, N. 2005. 'Generic concepts in Australian mosses,' Australian Systemic Botany. 18:17-23
  31. McCarthy, P.M. 2006. Checklist of Australian Liverworts and Hornworts. Australian Biological Resources Study, Canberra. Version 6.
  32. May, T. W. 2001. 'Documenting the fungal biodiversity of Australasia: from 1800 to 2000 and beyond,' Australian Systematic Botany 14:329-356
  33. McCarthy, P.M. 2006. Checklist of the Lichens of Australia and its Island Territories. Australian Biological Resources Study, Canberra. Version 6
  34. George, A. S. (1981), ' The genus Banksia — a case history in Australian botany,' in History in the service of systematics : papers from the Conference to celebrate the centenary of the British Museum (Natural History), lgh 53–59. London, Society for the Bibliography of Natural History. ISBN 0-901843-05-9
  35. Tá forbhreathnú ar an ábhar seo le fáil in Isaacs, J. 2002 Bushfood: Aboriginal food and herbal medicine. New Holland ISBN 1-86436-816-0
  36. Power, J., Macadamia Power in a Nutshell, 1982, ISBN 0-9592892-0-8, lch 13.
  37. O'Neill, G. 1996. 'Winning back the macadamia,' Ecos 88:15-19
  38. Williams J. 2000, Managing the Bush: Recent research findings from the EA/LWRRDC National Remnant Vegetation R&D Program, National Research and Development Program on Rehabilitation, Management and Conservation of Remnant Vegetation, Research Report 4/00.
  39. Thorp, J.R. and Lynch, R. 2000. Weeds of National Significance. Commonwealth of Australia & National Weeds Strategy Executive Committee ISBN 1-876977-20-5
  40. Department of the Environment and Heritage. EPBC Act List of Threatened Fauna
  41. Department of the Environment and Heritage. 2002. About the National Representative System of Marine Protected Areas (NRSMPA)
  42. Department of the Environment and Heritage. National Biodiversity Hotspots
  43. Department of the Environment and Heritage IBRA Version 6.1

Tagairtí Ginearálta[athraigh | edit source]

Naisc[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]