Fisic ardbhrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar iarmhairtí brú ardaithe ar ábhair. Braitheann cuid mhaith airíonna ábhar ar an mbrú a fheidhmíonn orthu. Mar shampla, athraíonn cuid de na hinslitheoirí ina seoltóirí leictreacha, nó fiú ina bhforsheoltóirí (mar shampla, sulfar), cailleann iarann a airíonna láidre maighnéadacha, agus athraíonn gáis ina leachtanna. Is féidir brú níos mó ná milliún oiread bhrú an atmaisféir a bhaint amach le hinneoin diamantchille.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fisic ardbhrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 272.