Feiste soladstaide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste ina ritheann comhartha leictreonach trí ábhar soladach seachas trí fholús i bhfeadán folúsach. Bíonn an chuid is mó de na comhbhaill (trasraitheoirí, friotóirí, toilleoirí, is dé-óideanna) comhdhéanta as píosa soladach amháin d'ábhar leathsheoltach, cosúil le sileacan. Bíonn siad i bhfad níos éadroime lú ná na seanchomhbhaill leictreonacha sna feadáin fholúsacha, baineann úsáid as níos lú cumhachta, maireann níos faide, bíonn níos iontaofa, agus cosnaíonn níos lú. De réir a chéile tá feistí níos lú fós á saothrú, bunaithe ar nanateicneolaíocht, ina dtógtar an fheiste adamh i ndiaidh adaimh, le sreanga atá chomh beag le hadamh ar tiús.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feiste soladstaide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 261.