Feirmiam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Feirmiam | |
| Siombail Cheimiceach | Fm |
| Uimhir Adamhach | 100 |
| Meáchan Adamhach | (257) g·mol−1 |
| Grúpa, Peiriad | NA, 7, f |
| Dlús | |
| Sraith Cheimiceach | Achtanóidigh |
Is é an feirmiam an céadú dúil cheimiceach sa tábla peiriadach, agus is é an tsiombail a sheasann dó ná Fm. Tá sé ainmnithe as an bhfisiceoir Iodálach Enrico Fermi. Achtanóideach agus dúil thrasúránach atá ann, agus mar sin, níl ach iseatóip radaighníomhacha aige. Is é 257Fm an ceann is troime acu, agus níl sé féin fadsaolach, nó tá sé 100.5 lá - céad lá agus leathlá - ar leathré.
Tá an feirmiam chomh radaighníomhach is nach féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Dealraíonn sé, áfach, gurb iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn aige.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |