Fearóileictreachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhair chriostalta, cosúil le tíotánáit bairiam, BaTiO3, ina bhfuil móimint dhépholach leictreach iomlán, fiú gan réimse seachtrach leictreach a bheith i bhfeidhm orthu, ar féidir iad a chúlú le frithréimse seachtrach leictreach. Sa chás sin, is amhlaidh a tharlaíonn díláithriú idir na hadaimh sa laitís iomlán, ionas nach gcomhthiteann na láir dhearfacha is na láir dhiúltacha luchta a thuilleadh. Ag teocht os cionn luacha ar leith — a bhraitheann ar an ábhar féin, agus a dtugtar teocht Curie uirthi — réabann gluaisne theirmeach ord na laitíse agus cailltear an tréith fhearóileictreach. Tá taighde ar siúl ar scannáin thanaí ábhar fearóileictreach mar shlisní i gcomhair cuimhní ríomhaire.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fearóileictreachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 259.