Fatimah bint Muhammad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba iníon an fháidh Ioslamach Muhammad, óna bhean chéile Chadidscha bint Chuwailid, í Fatimah bint Muhammad (Araibis: فاطمة بنت محمد ). Measann Muslamaigh í mar eiseamláir d'fhir agus do mhná. D'fhan sí taobh le a hathair trí na deacrachtaí a bhain dó i láimh Quraysh Mheice. Tar éis di dul ar imirce go dtí Medina, phós sí Ali ibn Abi Talib, col ceathrair an fhaidh, agus bhí sí ina máthair le ceathrar dá leanaí. Fuair sí bás cúpla mí tar éis a hathair, agus cuireadh í i Maqbarat Al-Baqi' (Araibis: مقبرة البقيع‎) i gcathair Medina, cé go bhfuil áit díreach a uaighe anaithnid. Creideann an chuid is mó de na Siach gur gortaíodh í nuair a chosain sí Ali i gcoinne na Cailifeachta, agus go raibh an eachtra sin freagrach as a luath-bhás.